Ráiteas: Luach beagnach €9m de dheontais ceadaithe ag bord Fhoras na Gaeilge

4 Samhain 2021

 

Thug bord Fhoras na Gaeilge faomhadh do líon suntasach deontas ag cruinniú de chuid bhord Fhoras na Gaeilge Dé Aoine, an 29 Deireadh Fómhair 2021.

 

Áirítear na deontais seo a leanas ina measc:

 

  • Faomhadh deontais dar luach €4.3m (€1.379m ar bhonn bliantúil) faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024. Tacóidh an scéim athbhreithnithe le pobail Ghaeilge pleanáil inbhuanaithe agus straitéiseach a dhéanamh i limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht. Mairfidh an tréimse maoinithe trí bliana (ó Eanáir 2022 go dtí Nollaig 2024) do shé ghrúpa is tríocha ar fud an oileáin.
  • Ceadaíodh maoiniú bliantúil do na sé cheanneagraíocht Ghaeilge lena n-áirítear Conradh na Gaeilge (€832,457), Cumann na bhFiann (€745,136), Gael Linn (€650,183), Gaeloideachas (€708,562), Glór na nGael (€1,078,615) agus Oireachtas na Gaeilge (€622,594).
  • Ceadaíodh luach €41,057 de dheontais d’fhéilte a bheidh á reáchtáil idir Eanáir agus Meitheamh 2022 trí Scéim na bhFéilte 2021 (Glaoch 1). Beidh Féile Idirnáisiúnta Litríochta Chúirt, Féile na Bealtaine, Féile Róise Rua, Sean-nós na Fearsaide agus Féile Nasc i measc na bhféilte a bheidh á reáchtáil sa chéad leath de 2022 ar fud an oileáin. Fógrófar an dara glaoch den scéim d’fhéilte a bheidh á reáchtáil sa dara leath den bhliain in 2022.

 

Anuas ar na deontais a ceadaíodh, faomhadh scéim aon uaire a thacóidh le hionaid Ghaeilge ar fud an oileáin. Beidh sé mar aidhm ag An Scéim Cóiríochta Aon Uaire d’Ionaid Phobail Ghaeilge maoiniú aon uaire a chur ar fáil d’Ionaid Phobail Ghaeilge ar fud na tíre a chuideoidh Ionaid a fhorbairt ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.

 

Lena chois sin, ghlac Foras na Gaeilge céim shuntasach eile i bhforbairt na foclóireachta, agus maoiniú cúig bliana ceadaithe le tús a chur leis na chéad mhórthionscadail eile foclóireachta – foclóir nua Gaeilge-Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla. Táthar ag súil go mbeidh an dá fhoclóir sin ar fáil ar líne faoi 2026. 

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, ‘Is cuid lárnach iad na scéimeanna ar ceadaíodh €9m dóibh d’iarrachtaí ar fud an oileáin an Ghaeilge a fhorbairt ag leibhéal an phobail. Cinnteoidh an maoiniú seo go mbeidh pobail éagsúla ar fud an oileáin in ann a gcuid pleananna a réiteach do 2022. Beidh na 6 cheanneagraíocht mar an gcéanna ábalta tacaíocht do na pobail sin a chinntiú i raon leathan réimsí ó fhorbairt pobail go himeachtaí óige go tacaíocht do chomhlachtaí gnó ina gceantar. Is pribhléid dúinn a bheith in ann tacú leis an obair sin, agus guímid gach dea-ghuí ar a gcuid oibre.’

 

Críoch