Ráiteas maidir le Daonáireamh 2022 agus an Ghaeilge
Tá roinnt rudaí, dar le Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn ar bhfhiú fáilte a chur rompu sna figiúirí is déanaí a foilsíodh ó Dhaonáireamh 2022, go háirithe an t-ardú beagnach 6% ar líon na ndaoine sa stát a thug le fios go bhfuil Gaeilge acu - 1.87m duine. Is ionann an líon sin agus 40% de phobal an stáit, agus is líon suntasach é. Nuair a chuirtear san áireamh an méadú de leathmhilliún beagnach ar dhaonra iomlán an stáit, agus na hathruithe eile atá i ndiaidh teacht ar an daonra, is dea-scéala é go bhfuil a oiread sin daoine a mhaígh go bhfuil labhairt na Gaeilge acu.
Ar ndóigh, an dá dhíol suntais eile sna figiúirí go bhfuil an treocht chéanna a bhí léirithe i bhfigiúirí 2016 á léiriú sna figiúirí seo, is é sin líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa stát, agus líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht. Cé gur titim níos lú atá i gceist ná na laghduithe a tuairiscíodh as Daonáireamh 2016, tá na figiúirí díomách, agus léiríonn sé na dúshláin atá romhainn in earnáil na Gaeilge, agus roimh an Rialtas.
I dtaca leis an nGaeltacht, dar le ceannasaí Fhoras na Gaeilge, ardófar an cheist an leor na polasaithe agus na straitéisí atá i bhfeidhm faoi láthair le stop a chur le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht mar theanga phobail, an bhfuil na bearta radacach go leor, agus an gá dúinn athbhreithniú a dhéanamh orthu agus bearta níos tréine a chur i bhfeidhm. Aithníonn Foras na Gaeilge mar sin féin, go bhfuil sé tábhachtach gan breithiúnas róluath a thabhairt ar bhearta nach bhfuil á gcur i bhfeidhm ach le líon beag blianta, mar atá An Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus an Polasaí Pleanála Teanga don Ghaeltacht.
Thug líon suntasach de phobal an stáit le fios go raibh Gaeilge an-mhaith acu – an chéad uair a cuireadh an cheist sin, agus is pobal iad sin a mbeidh Foras na Gaeilge agus ár gcuid comhpháirtithe eile in earnáil na Gaeilge ag iarraidh díriú orthu sna blianta amach romhainn. Lena chois sin, díreoidh Foras na Gaeilge ar an líon ard daoine – beagnach leathmhilliún, a thug le fios go bhfuil cumas labhartha acu, ach nach n-úsáideann an Ghaeilge in am ar bith. De réir na bhfigiúirí, tá beagnach 72,000 duine sa stát a úsáideann Gaeilge ar bhonn laethúil, agus nuair a chuirtear an líon sin leis an 40,000 ó thuaidh a thug le fios sa Daonáireamh ó thuaidh, go n-úsáideann siad Gaeilge gach lá, is líon mór daoine sin ar fud an oileáin. Thug Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge le fios gur pobail iad na 3 phobail seo a mbeidh Foras na Gaeilge ag iarraidh díriú orthu sna blianta atá amach romhainn.
Arsa Seán Ó Coinn, “Tugann figiúirí daonáirimh lón machnaimh dúinn uilig atá ag plé le polasaithe Rialtais, agus beidh anailís dhomhain le déanamh ar na figiúirí seo is déanaí, i gcomhar lenár gcomhghleacaithe sa Rialtas, sa phobal féin, sna Ceanneagraíochtaí agus sna páirtithe leasmhara eile in earnáil na Gaeilge”.