Ré nua d’Fhoras na Gaeilge agus ceannáras nua seolta ag An Taoiseach Leo Varadkar TD

Cuireadh tús le tréimhse nua i stair Fhoras na Gaeilge nuair a d’oscail An Taoiseach, Leo Varadkar TD, ceannáras nua Fhoras na Gaeilge ag 63-66 Sráid Amiens ag ócáid cheiliúrtha anocht.  Thug an An Taoiseach camchuairt ar na hoifigí nua lena n-áirítear stiúideoanna nua Raidió na Life agus bhí sé thar a bheith tógtha leis na háiseanna. Bhí Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, i dteannta an Taoisigh ag ócáid na hoíche anocht.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá lúcháir orm go bhfuil baile buan aimsithe faoi dheireadh d’fhoireann iomlán Bhaile Átha Cliath, a bhí ag obair as dhá oifig roimhe seo, go háirithe leis an iomaíocht an-ghéar atá ann faoi láthair le haghaidh spás oifige sa phríomhchathair. Tá lárionad fadtéarmach aimsithe againn anois, cóngarach do lár na cathrach agus do na lárionaid iompair phoiblí, a mbeidh sé furasta ag baill foirne agus ag an phobal taisteal chuige. Tá na hoifigí oiriúnach d’obair Fhoras na Gaeilge, agus tá áiseanna iontu a bheidh an pobal in ann a úsáid. Tá súil agam go ndéanfaidh pobal Gaeilge na cathrach a gcuid féin den fhoirgneamh seo mar a rinne siad de 7 Cearnóg Mhuirfean, agus dá réir sin go gcruthóimid stair nua don fhoirgneamh, agus i mbliain stairiúil seo Bhliain na Gaeilge go gcuirfimid tús le ré nua i stair na teanga sa phríomhchathair”.

Thug Ó Coinn aitheantas ar leith d’iar-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, a d’aithin an riachtanas agus a chuir tús leis an gcuardach do cheannáras nua sa phríomhchathair chomh fada siar le 2015, agus do na daoine eile uile, idir bhaill foirne, chomhaltaí Boird, agus eile, a raibh ionchur acu san aistriú go Sráid Amiens.

Bhí idir fhostaithe agus iar-fhostaithe, chomhaltaí agus iar-chomhaltaí boird, Airí agus ranna Stáit, cheanneagraíochtaí agus eagraíochtaí Gaeilge chomh maith le heagraíochtaí atá lonnaithe i gcomharsanacht i láthair ag seoladh cheannáras na heagraíochta uile-oileáin i mBaile Átha Cliath 1. Gráinne McElwain, léiritheoir/láithreoir teilifíse agus comhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge a bhí mar bhean an tí ag an ócáid cheiliúrtha. Chuir an banna ceoil, IMLÉ, clabhsúr leis an ócáid le taibhiú speisialta den amhrán Críochfort, a ghnóthaigh Amhrán na Bliana ag Gradaim Nós 2017.

Nótaí don eagarthóir:

Faoi Fhoras na Gaeilge

Ar an dara lá de mhí na Nollag 1999 bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann.

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Faoi choimirce an chomhlachta sin, déanfaidh Foras na Gaeilge nafreagrachtaí go léir i dtaca leis an nGaeilge a chur i gcrích. I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh naGaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach i bPoblacht na hÉireann. Tá an fhreagracht chéanna ann i leithThuaisceart Éireann, sa chás go mbíonn an t-éileamh cuí ann agus i gcomhthéacs Chuid III de Chairt Chomhairle nahEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Aistríodh foireann Bhord na Gaeilge, an Ghúim (Foilsitheoirí) agusan Choiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus a ngníomhaíochtaí ar fad go dtí an comhlacht nua.

Tá Foras na Gaeilge bródúil as a ról i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, thuaidh agus theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leisan nGaeilge chomh maith leis na tionscadail tacaíochta a chuireann siad ar bun agus cúnamh deontais a thugannsiad do ghrúpaí agus do chomhlachtaí ar fud oileán na hÉireann.

Faoi 63-66 Sráid Amiens

Ó bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, mar chuid de na socruithe a bhain le Comhaontú Bhéal Feirste, bhí a gceanncheathrú ag an bhforas trasteorann sna hoifigí céanna a bhí ag Bord na Gaeilge roimhe sin, ag 7 Cearnóg Mhuirfean Baile Átha Cliath 2. Tháinig deireadh le Bord na Gaeilge nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, agus aistríodh foireann Bhord na Gaeilge isteach i bhForas na Gaeilge. Bhí stair fhada ag na hoifigí sa seanteach Seoirseach ar Chearnóg Mhuirfean agus bhí cuid den fhoireann lonnaithe ann ó 1981 go dtí gur aistrigh foireann Bhaile Átha Cliath go 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1 i mí Dheireadh Fómhair  2017.

I measc na n-áiseanna atá ag 63-66 Sráid Amiens tá stiúideonna nuálacha an stáisiúin Raidió na Life, 106.4 fm agus halla ina mbeidh imeachtaí á reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus ag eagraíochtaí Gaeilge.

Bhí Clúid Housing lonnaithe in 63-66 Sráid Amiens le blianta beaga anuas agus tá siad anois lonnaithe ar Shráid an tSiarriam Uachtarach, Baile Átha Cliath 1.

Faoi IMLÉ:

Is banna ceoil neamhghnách iad IMLÉ, a bhfuil fuaim ar leith acu a eascraíonn as éagsúlacht chúlraí an triúr amhránaithe. Sníomhtar filíocht, rapcheol agus popcheol le chéile i bhfuaim an bhanna ar bhealach úr nach bhfuil a leithéid cloiste againn roimhe seo – go háirithe sa Ghaeilge. Measctar glór neamhshaolta Ferghal Moloney le rapáil lúfar thógálach MC Muipéad.

‘Rud éigin a chruthú a bheadh éagsúil, neamhghéilliúil agus ionraic’; b’in ráiteas misin an bhanna nuair a bhunaigh Cian Mac Cárthaigh, dordghiotáraí, ar dtús é, agus cíorann a gcéad albam cuid de cheisteanna móra an tsaoil: brí na beatha, ár gcaidreamh leis an bpláinéad agus aimsiú an dóchais san éadóchas.

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie