Regina Uí Chollatáin ceaptha mar Chathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge

Ceapadh an tOllamh Regina Uí Chollatáin mar Chathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge ag cruinniú earnála iompair den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) ar an 5 Bealtaine. Is as Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, ó dhúchas do Regina Uí Chollatáin. Is ollamh le Nua-Ghaeilge í agus is í ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ó 2015 i leith.

Ceapadh Freda Nic Giolla Chatháin mar chomhalta ar bhord Fhoras na Gaeilge ag an gcruinniú céanna, a fhágann go bhfuil gach ceann de na sé áit déag ar an mbord líonta. Anuas ar na ceapacháin, thug CATT faomhadh do Phlean Corparáideach 2021-2022 agus Plean Gnó 2021 Fhoras na Gaeilge.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh Regina Uí Chollatáin mar Chathaoirleach Fhoras na Gaeilge, agus ar ndóigh roimh Freda Nic Giolla Chatháin. Den chéad uair le tamall fada tá bord iomlán againn anois. Tá an-saineolas ar an Ghaeilge ag an Chathaoirleach nua, rud a chuideoidh go mór léi tuigbheáil a fháil go gasta ar chúraimí Fhoras na Gaeilge, agus ar ndóigh, tá taithí aici ar bheith ag plé le Foras na Gaeilge ar feadh na mblianta maidir leis na meáin agus maidir leis an chur chuige comhpháirtíochta leis na sé cheanneagraíocht.”

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, “Táim ag súil go mór le bheith ag obair le Foras na Gaeilge sa ról seo agus is pribhléid mhór í dom an deis seo a fháil. Tá neart tograí agus féidearthachtaí spreagúla ar siúl i measc phobal na Gaeilge faoi láthair agus is mór agam a bheith páirteach san obair seo.”

Críoch

 

Nóta don eagarthóir

Faoi Regina Uí Chollatáin

Is iad athbheochan, iriseoireacht agus na meáin Ghaeilge, agus an cultúr cló, príomhréimsí taighde Regina Uí Chollatáin, agus tá cuid mhaith foilsithe aici in irisí acadúla agus cultúrtha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is é An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 (2004) a céad leabhar. Saothrú na Gaeilge scríofa i suímh uirbeacha na hÉireann 1700-1850 (comheag. le Liam Mac Mathúna 2017) agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (comheag. 2015) an dá leabhar is déanaí dá cuid.

Bhunaigh Regina MA Scríobh agus Cumarsáid (a bhfuil sí ina stiúrthóir air ó 2006 go nuige seo) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge (ina stiúrthóir air 2008-18) san ollscoil chéanna. Is ball í de Ghrúpa Stiúrtha an Ionaid Náisiúnta Barr Feabhais mar chuid de thogra an rialtais d’ardscileanna teanga (2013 ar aghaidh). Bronnadh ollúnacht chuairte shinsearach uirthi ó Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada 2012-13 agus bronnadh Comhaltacht Nicholas O’Donnell, Ollscoil Melbourne, uirthi ó Eanáir go Feabhra 2019.

Ba í an chéad chathaoirleach í ar an bhFóram uile-oileánda Forbartha Teanga (2014-17) agus bhí sí ina ball den Fhóram uile-oileánda Comhpháirtíochta Teanga (2014-17). Is ball í de Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach in Acadamh Ríoga na hÉireann; de Chomhairle Náisiúnta Bhéaloideas Éireann agus de bhord acadúil comhairleach Mhúsaem Litríochta na hÉireann, MoLI. Ó 2008 is ball bunaidh í d’Fhóram Nuachtáin agus Thréimhseacháin na hÉireann, agus ba í an cathaoirleach í idir 2016 agus 2019. Ba í an chéad chathaoirleach í ar Ghradaim Bhunchéime na hÉireann do phainéal na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh (2008-11), agus ba bhall í de chéad bhord stáit TG4 (2007-12).

Is painéalaí rialta í ar chláir litríochta agus cúrsaí reatha, agus ar chláir faisnéise ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus BBC.

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie