Scéim na bhFéilte Glaoch 2

Beidh Scéim na bhFéilte Glaoch 2 oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona Gaeilge mar chuid lárnach díobh idir 01 Meitheamh agus 31 Nollaig 2021.

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.

Foirm Iarratais Féilte GLAOCH 2 2021

Treoirlíne_Scéim na bhFéilte_Glaoch 2_2021

Treoir don Seicliosta Cumhdaigh (ó dheas)

Treoir don Seicliosta Cumhdaigh (ó thuaidh)

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh