Scríbhneoirí á lorg!

Ábhar Nua Léitheoireachta, Úrscéalta Ranga agus saothair eile ficsin agus neamhfhicsin ag teastáil.

 

Tá obair idir lámha faoi láthair chun ábhar tacaíochta a sholáthar don ábhar léitheoireachta atá i gcló cheana do Rang 3 – 6 mar chuid de thionscadal Shéideán Sí. Lena chois sin táthar ag iarraidh ábhar nua léitheoireachta a chur ar fáil do na ranganna céanna. Chuige sin tá scríbhneoirí á lorg a bheidh in ann úrscéalta ranga, go háirithe, a sholáthar ach chomh maith leis sin beidh gearrscéalta, filíocht, drámaí agus leabhair eolais de chineálacha éagsúla ag teastáil.

Ní mór don ábhar a bheith spreagúil nua-aimseartha agus in oiriúint ó thaobh teanga agus suime de do dhaltaí sa raon aoise a bhíonn i gceist sna ranganna sin. Más spéis leat bheith páirteach san obair seo nó má tá a mhacasamhail d’ábhar scríofa cheana féin agat ba bhreá linn scéal a fháil uait.

Ba cheart léiriú spéise nó smaointe le haghaidh úrscéalta ranga nó eile móide samplaí d’aon obair de chineál ábhartha atá déanta cheana agat, a chur chuig seideansi@forasnagaeilge.ie roimh 29 Márta 2019.

Bíodh Ábhar Nua Léitheoireachta mar theideal ar do theachtaireacht. Ní ghlacfar ach amháin le hábhar a sheolfar ar an ríomhphost. Má tá a thuilleadh eolais uait i dtaobh an tionscadail is féidir teachtaireacht á iarraidh sin a chur chuig an seoladh thuas.