Scríobh Leabhar ag dul ó neart go neart

Ag ócáid ar an Máirt, an 7 Meitheamh, san Áisaonad, Coláiste Mhuire, Béal Feirste bronnadh gradaim ar roinnt den 1500 dalta as Tuaisceart Éireann a cheap, a dhear agus a d’fhoilsigh leabhair dá gcuid féin i nGaeilge mar chuid den tionscadal Scríobh Leabhar Fhoras na Gaeilge. Daltaí as 17 scoil i dTuaisceart Éireann a ghlac páirt in Scríobh Leabhar i mbliana agus scríobh siad scéal dá gcuid féin i nGaeilge faoin iliomad ábhar. Déantar Scríobh Leabhar a reáchtáil i dTuaisceart Éireann tríd An tÁisaonad le Foras na Gaeilge.  Is é Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a rinne an bronnadh.

Ar an iomlán i mbliana, ghlac 141 scoil agus 9,461 páiste páirt sa tionscadal agus scríobhadh 6,300 leabhar. Beidh ócáidí eile ar aon dul leis an searmanas seo ar siúl i gceantair eile sna seachtainí amach romhainn mar cheiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag daltaí ar fud na tíre. 

Tuilleadh eolais: Scríobh Leabhar ag dul ó neart go neart