Is tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge. Reáchtáiltear an tionscadal i gcomhpháirt le hionaid oideachais éagsúla ar fud na hÉireann. Tugann Scríobh Leabhar deis do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a scríobh, a dhearadh, agus a fhoilsiú as Gaeilge. Cuireann sé léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn i measc páistí óga.
Déanann na páistí a gcuid leabhar féin a scríobh, a mhaisiú agus a cheangal faoi threoir a múinteoirí. Cuireann an tionscadal an-bhéim ar an bpróiseas scríbhneoireachta féin. Tá an tionscadal an-solúbtha, is féidir le gach páiste sa rang a leabhar féin a scríobh, nó obair lena chéile i ngrúpaí, nó is féidir leis an rang ar fad leabhar a scríobh.