Séala an Aistriúcháin 2021

Tá scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí le reáchtáil ó thuaidh in Ollscoil Uladh i mí na Nollag. Tá an scrúdú seo dírithe orthu siúd a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu ach nár bhain an Séala amach roimhe seo. 

 

Dáta an scrúdaithe:         Dé Sathairn 11 Nollaig 2021 (12.00 - 16.00)

 

Beidh sé á ofráil ar dhá champas éagsúla de chuid na hOllscoile: 

(1) Campas Bhéal Feirste, Sráid Eabhrac, BT15 1ED, Béal Feirste.

(2) Campas Mhic Aoidh, Bóthar an Fhearainn Thuaidh, BT487JL, Doire.

 

Is cáilíocht ghairmiúil aitheanta d’aistritheoirí Gaeilge é an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a bhunaigh Foras na Gaeilge in 2006. Tá an Séala ar an ngradam gairmiúil is tábhachtaí ar fad do shaoraistritheoirí Gaeilge a bhíonn ag lorg oibre ó eagraíochtaí de chuid na hearnála poiblí agus ó chliaint eile. Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge, agus is ón bpainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge den chuid is mó. 

Ní bheidh ach líon teoranta áiteanna atá ar fáil don scrúdú; tabharfar tús áite, dá bhrí sin, do na hiarratais is luaithe a gheofar. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh 16.00 30 Samhain 2021. 

Chun spéis a léiriú sa scrúdu agus chun foirm chlárúcháin agus scrúduithe samplacha a fháil, cuirtear scéala chuig g.odomagain@ulster.ac.uk