Seoladh Léann Teanga: An Reiviú de chuid mhic léinn MA an Acadaimh

Foilseofar an naoú heagrán den iris phiarmheasúnaithe Léann Teanga: An Reiviú ar líne ag 1:00 i.n. Déardaoin, an Bealtaine 2021 ag an seoladh idirlín seo a leanas: https://leannteangaanreiviu.com/ I gcomhthéacs na srianta sláinte atá i bhfeidhm go leanúnach, ní bheidh seoladh ar siúl ar láthair na hOllscoile mar ba nós roimhe seo, ach beidh an iris féin ar fáil in éindí le físeán ina gcuirfidh an fhoireann eagarthóireachta an iris i láthair.

Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Baineann an iris leis na réimsí éagsúla teanga seo a leanas: an t-aistriúchán, an tsochtheangeolaíocht, an teangeolaíocht, teagasc teangacha, pleanáil teanga, dúchas agus cúrsaí cumarsáide.  Tá cúram á dhéanamh de chúrsaí léirmheastóireachta chomh maith agus cúig léirmheas atá san eagrán seo den Reiviú.

Is foilseachán bliantúil é seo a thugann ardán don dioscúrsa teanga in Éirinn agus thar lear. Creideann foireann eagarthóireachta na hirise go bhfuil An Reiviú ina acmhainn luachmhar do lucht acadúil na Gaeilge agus dóibh siúd ar spéis leo cúrsaí teanga. Bíonn léirmheasanna agus ailt san áireamh san iris a scríobh idir mhic léinn ollscoile agus lucht léinn na hearnála.

Tuilleadh eolais ar fáil ach r-phost a sheoladh chuig:  reiviuleannteanga@oegaillimh.ie.