Seoladh na Nollag ag an nGúm. Raidhse léitheoireachta, flúirse spraoi.  

An India, An tSean-Róimh, Nairnia, Tír na Deo agus an stábla úd i mBeithil – cad é atá i bpáirt ag na háiteanna sin le chéile, a deir tú. Bhuel tá trácht orthu uile sa chnuas mór saothar de chuid an Ghúim a seoladh tráthnóna. An craoltóir aitheanta de chuid TG4 agus Raidió na Gaeltachta, Eibhlín Ní Chonghaile, a rinne na foilseacháin a sheoladh go hoifigiúil i gceannáras Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath. Thagair sí d’éagsúlacht agus d’fhairsinge na saothar a cuireadh ar fáil i rith na bliana, idir áiseanna bunscoile agus iar-bhunscoile, ábhar léitheoireachta do dhaoine óga agus áiseanna clóite agus ar líne.

Toradh iontach eile ar an gcomhoibriú cruthaitheach idir an t-údar Gabriel Rosenstock agus an t-ealaíontóir, Brian Fitzgerald, is ea An Eala Órga, cnuasach scéalta ón India atá curtha inár láthair ar shlí tharraingteach dhraíochtúil, idir insint agus ealaín araon. Traidisiún seanbhunaithe de chuid an Ghúim é leaganacha Gaeilge de mhórshaothair do dhaoine óga a fhoilsiú agus maireann an traidisiún sin beo. Cuireadh atheagrán álainn den leagan cáiliúil Gaeilge a rinne Máiréad Ní Ghráda de Peter Pan (1938) ar fáil i mbliana – Tír na Deo, mar aon leis an aistriúchán máistriúil a rinne Antain Mac Lochlainn ar The Horse and his Boy, An Capall agus a Ghiolla.

Cuirfidh an dá leabhar Is mise Manachán Maximus agus Pádraigín Phléascach: Raic agus Ribíní léitheoirí san aoisghrúpa 10-13 bliana (agus a dtuismitheoirí) ag scairteadh amach os ard lena bhfuil de ghreann, easurraim agus pleidhcíocht dhamanta le fáil iontu, idir théacs agus phictiúir.

Insint eile ar fad atá in Suaimhneas sa Stábla le Gabrielle Ní Mheachair ar an scéal cáiliúil sin a insítear an tráth seo bliana. Luch bheag is ea Seán nach bhfuil uaidh ach dreas deas codlata a dhéanamh ach go bhfuil an gleo ar fad sa stábla ag teacht idir é agus suaimhneas na hoíche. Caithfidh sé múineadh a chur ar an dream sin atá ag cur as dó. Dream ar leith iad sin, dar ndóigh. Déanann léaráidí Fergal O’Connor seoid cheart den leabhar seo.

Lena gcois sin uile tá ábhar nua ar líne de chuid an tionscadail Séideán Sí, ábhar staire agus timpeallachta do dhaltaí bunscoile agus ábhar nua sa Teicneolaíocht Adhmaid agus Staidéar Foirgníochta do lucht iar-bhunscoile. Fómhar torthúil bliana ó fhoireann acmhainneach an Ghúim.

Breis eolais:

Teil: 01 639 8400│Ríomhphost: angum@forasnagaeilge.ie