Soiscéal Mór Cholm Cille nochtaithe ag Máire Mhic Ghiolla Íosa i nGleann Cholm Cille

Nochtaigh iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, saothar dealbhóireachta nua ag ócáid i nGleann Cholm Cille Dé hAoine seo caite (29/07/22) mar chuid de chomóradh Colmcille 1500. Rinneadh coimisiúnú ar John McCarrron leis an saothar, Soiscéal Mór Cholm Cille, a chruthú mar oidhreacht ar an gcomóradh bliana. Leabhar Cheanannais a spreag John chun íomhánna cloiche a dhéanamh, a bhfuil tionchar thraidisiún na lámhscríbhinní maisithe orthu.

Is le pobal Ghleann Cholm Cille anois an saothar agus is sa Chlachán a bheidh sé le feiceáil as seo amach, áit a mbeidh muintir na háite agus cuairteoirí araon in ann taitneamh agus tairbhe a bhaint as.

Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Fhoras na Gaeilge, Breandán Mac Craith “Thug Colmcille 1500 deis iontach dúinn oidhreacht shaibhir Cholm Cille a cheiliúradh agus a chomóradh trí choimisiúin a bhronnadh ar ealaíontóirí Éireannacha agus Albanacha le saothair uaillmhianacha a chruthú. Thug cuid de na tograí sin Gaeil na hÉireann agus na hAlban le chéile agus meabhraíodh dúinn na naisc láidre teanga agus cultúrtha atá eadrainn míle go leith bliain ó tháinig éarlamh na hÉireann agus na hAlban ar an saol.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn “Gabhaim buíochas leis na daoine uilig a chuir ar chumas Fhoras na Gaeilge laoch stairiúil na Gaeilge agus na Gàidhlig a cheiliúradh ar bhealach chomh hilghnéitheach agus a rinneadh le linn bhliain an chomórtha. Meabhraíonn Comóradh 1,500 bliain Cholm Cille dúinn na ceangail dhlútha teanga agus chultúrtha, agus na gaoil láidre atá ag lucht na Gaeilge in Éirinn lenár mbráithre agus siúracha in Albain. Thug an comóradh deis dúinn na gaoil sin a aithint agus cur leo. Rinneadh sin ar an iliomad bealaí le bliain go leith anuas, agus is teist ann féin é dár n-oidhreacht chomhchoiteann gur trí na healaíona ba mhó a bheidh lorg an chomórtha ar fáil do na glúnta atá le teacht. Cén áit b'fhóirsteanaí leis an bhliain cheiliúrtha seo a thabhairt chun críche ná Gleann Cholm Cille, i gcontae bhreithe an naoimh.”

Is as Bun Cranncha in Inis Eoghain, Contae Dhún na nGall don ealaíontóir agus dealbhóir John McCarron. Tá a shaothar sáite i stair agus in oidhreacht na hÉireann agus is mór an tionchar atá ag na healaíontóirí agus ceardaithe a chuaigh roimhe ar a cheird. Tá réimse leathan saothar curtha i gcrích aige, idir ealaín phoiblí agus coimisiúin phríobháideacha.

Comóradh ar 1,500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille atá in Colmcille 1500 a chuimsigh clár ilchuimsitheach ildánach uaillmhianach a thug aitheantas do shaol agus d’oidhreacht Cholm Cille.

 

Is féidir breathnú ar fhíseáin a cruthaíodh mar chuid den chomóradh anseo.

 

Tá tuilleadh eolais faoi chomhpháirtíocht Cholmcille 1500 ar fáil ag www.colmcille.net