Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha

 Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.

Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha

Tagairt: SSF/0121

Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, i mBaile Átha Cliath.

Is é an raon tuarastail don phost ná: €84,752 - €104,202

SPRIOCDHÁTA

Caithfear cóip PDF/JPG den fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meánlae, Dé hAoine, 26 Márta 2021 chuig: poist@forasnagaeilge.ie

Leabhrán Eolais SSF

Foirm iarratais SSF 0121

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu.