Suíomhanna nua gréasáin don Ghaeilge á seoladh inniu

#Táimidbeo

 

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a shuíomh tairsí don Ghaeilge (gaeilge.ie) chomh maith le suíomh nua corparáideach (forasnagaeilge.ie) a nochtadh le chéile den chéad uair agus do Chonradh na Gaeilge an t-ardán ilmheán PEIG.ie a chur i láthair an phobail. Ag ócáid in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide anocht seolfaidh Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir agus tuairisceoir Chumann Lúthchleas Gael le RTÉ, na suíomhanna gréasáin.

Ag labhairt dó inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh “Is cúis bróid dúinn é ár suíomh nua tairsí, a thugann léargas ar an réimse leathan seirbhísí, eagraíochtaí agus tionscadal a dtacaíonn Foras na Gaeilge leo a chur i láthair den chéad uair anocht. Tá suíomh nua corparáideach Fhoras na Gaeilge á nochtadh againn inniu chomh maith, a chuireann mór-réimsí, mórthionscadail agus scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge i láthair an phobail. Beidh sé mar aidhm againn daoine a bhfuil spéis acu in aon ghné den teanga, idir chainteoirí líofa agus daoine ar bheagán Gaeilge, in Éirinn nó áit ar bith ar domhan, a mhealladh leis na suíomhanna atá á seoladh inniu a úsáid mar lárphointe eolais don Ghaeilge.”

Ag an ócáid chéanna, seolfar árdán ilmheán Chonradh na Gaeilge PEIG.ie, ar acrainm é a sheasann do na tosaíochtaí: Pobal, Eolas, Ilmheáin agus Gaeilge. Tá léarscáil idirghníomhach i measc feidhmeanna nuálacha PEIG.ie, a choinníonn úsáideoirí ar an eolas faoi imeachtaí Gaeilge atá á reáchtáil ar fud an domhain. Foilsítear scéalta nuachta, sonraí na bhfolúntas reatha le Gaeilge agus go leor eile go laethúil. Acmhainn eile atá ar fáil le PEIG.ie ná an tEolaire Gnó a bheidh ina uirlis mhargaíochta saor in aisce do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí i nGaeilge ar fáil don phobal. Tá Conradh na Gaeilge ag súil go spreagfaidh sé gnólachtaí le dul i mbun gnímh chun seirbhís trí Ghaeilge a thairiscint agus go gcuirfidh an t-eolaire le líon na ndaoine a úsáideann seirbhísí Gaeilge.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge “Is í an áis is suntasaí atá ag PEIG.ie ná léarscáil idirghníomhach a chuireann an t-úsáideoir ar an eolas faoi imeachtaí Gaeilge, ranganna Gaeilge agus grúpaí Gaeilge in aice leo. Is áis iontach í seo le húsáid laethúil na Gaeilge a éascú – bíodh tú líofa nó ar an gcúpla focal. Dar ndóigh, tá fáilte roimh ghrúpa ar bith imeacht a chlárú linn ar PEIG.ie. Anuas air sin, beidh an tEolaire Gnó, atá mar chuid de PEIG.ie, ina áis eolais iontach luachmhar do dhaoine atá ag iarraidh teacht ar sheirbhísí i nGaeilge agus tá súil againn go spreagfaidh sé gnólachtaí le dul i mbun gnímh chun seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint”.

Reáchtálfaidh Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge comórtas beo ar Twitter leis na suíomhanna a phoibliú anocht idir 6 p.m agus 8 p.m. agus bronnfar duaiseanna ar ghiolcairí cruthaitheacha a úsáideann an haischlib #Táimidbeo agus a thagraíonn do na suíomhanna nua. Bígí linn ar na meáin shóisialta ag #Táimidbeo agus bígí mar chuid den phobal Gaeilge ar líne.