Ba mhaith linn do chuid tuairimí a fháil ar chóras maoinithe don Ghaeilge, darb ainm ‘An Cur Chuige Comhpháirtíochta’. Tá an córas seo i bhfeidhm ó bhí 2014 ann le sé ‘cheanneagraíocht’ Ghaeilge a chuireann seirbhísí ar fáil do phobail ar fud na tíre. Is iad na sé cheanneagraíocht ná:
Beidh comhlacht neamhspleách (Creative Strategic Solutions) ag bailiú tuairimí ó dhaoine agus ó ghrúpaí a fhaigheann tacaíocht nó a úsáideann seirbhísí na gceanneagraíochtaí seo atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Seans gur duine de na daoine sin thú?
Is féidir do thuairim a léiriú tríd an suirbhé simplí seo a líonadh isteach. Beidh deis agat fosta páirt a ghlacadh i bhfócasghrupaí a bheidh ag teacht le chéile go luath leis na smaointe a thagann amach as an suirbhé a phlé níos mó.
Ní gá sonraí pearsanta (ainm, seoladh, sonraí IP srl) don suirbhé seo, ach amháin más mian leat páirt a ghlacadh sna fócasghrúpaí, agus sa chás sin amháin beidh seoladh ríomhphoist ag teastáil uainn.
Beidh ceistneoir saincheaptha ann do gach ceanneagraíocht agus iarraimid ort suirbhé a líonadh isteach do gach ceanneagraíocht a bhfuil taithí agat ar gcuid seirbhísí nó gníomhaíochtaí. Má bhíonn tú ag plé le níos mó na ceanneagraíocht amháin, líon isteach suirbhé eile, le do thoil.
Má bhíonn aon cheist agat faoin suirbhé, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Dermot ag Creative Strategic Solutions ag d@dermotmclaughlin.ie agus ar +353 86 234 9271.
Tá na suirbhéanna seo dúnta anois