Tá Foras na Gaeilge tar éis duais don Fheachtas Tionchaire-Treoraithe is Fearr a bhuachan dá bhfeachtas “Creidim Ionat”, ag na gradaim iomráiteacha “The Spiders”

D’éirigh le Foras na Gaeilge duais don Fheachtas Tionchaire-Treoraithe is Fearr a bhuachan dá bhfeachtas “Creidim Ionat”, ag an 26ú bhliain de na gradaim iomráiteacha The Spiders, na gradaim digiteacha is sine in Éirinn.

Ba iad an t-idirlíon agus na láithreáin ghréasáin an príomhfhócas chun aitheantas a thabhairt do luathcheannródaithe na teicneolaíochta nua, nuair a seoladh na Spider Awards an chéad lá riamh, breis agus 26 bliain ó shin, ach tá na réimsí sin leathnaithe amach ó shin. Tá tionchar na réabhlóide digití tar éis leathnú amach thar chuile ghné den domhan nua-aimseartha ó shin i leith, agus dá réir, tá sé mar aidhm ag na Gradaim Spider an t-aitheantas cuí a thabhairt do cheannairí an phróiseas digitithe seo, os comhair an tsaoil mhóir.

Is dá bhfeachtas ilmheán, illáithreán “Creidim Ionat” a bronnadh an duais seo ar Fhoras na Gaeilge agus ar Lorg Media, a d’oibrigh go dlúth leis an bhForas ar fhorbairt agus ar reáchtáil an fheachtais. Ghlac an pobal ar líne ó gach cearn den chruinne páirt sa bhfeachtas, atá tar éis dul i bhfeidhm ar dhaoine i gcéin is i gcóngar, le 4.3 milliún duine sroichte ar líne i dtrí thír is ochtú, a raibh de thoradh air breis is trí mhilliún is ochtó imprisean agus 1.3 milliún amharc físeáin ar líne go dtí seo.

Seoladh Creidim Ionat ar líne, ar an raidió agus ar an teilifís le tacaíocht ó RTÉ ar an 17 Deireadh Fómhair 2022. Ba é an aidhm leis an tionscnamh nuálach comhoibríoch feasacht leitheadach ar an nGaeilge a chothú. Ó seoladh é tá an pobal agus daoine cáiliúla ag tacú le chéile le heolas, leideanna agus spreagadh chun muinín a fháil le Gaeilge a labhairt.

Le linn an fheachtais leanadh láithreoirí an phodchraolta Beo ar Éigean, Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn, agus iad ag déanamh meantóireachta ar thriúr daoine cáiliúla agus ag tacú leo ar a n-aistear Gaeilge. B’shin iad Michael Fry (fuirseoir), Marty Morrisey (láithreoir agus tráchtaire le RTÉ) agus Marrissa Carter (bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Carter Beauty).

Le linn Creidim Ionat labhair Marty Morrissey Gaeilge agus é ag bronnadh gradaim Uile-Réalta CLG-PWC beo ar RTÉ a hAon, thug Marissa Carter ceacht smididh trí mheán na Gaeilge ar Today RTÉ agus rinne Michael Fry sceitse grinn go hiomlán i nGaeilge. Thum ár meantaithe iad féin sa Ghaeilge ar feadh an bhealaigh, idir bheith ag léamh leabhair i nGaeilge lena bpáistí den chéad uair, agus chuairteanna ar an gCeathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste, tob-Ghaeltacht i mBaile Átha Cliath agus ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, le bheith in ann a spriocanna deiridh a chraoladh ar RTÉ 1 agus ar líne.

Bhí na mílte daoine fud fad an domhain páirteach, ó áiteanna chomh fada ar shiúl leis an Astráil, an Spáinn, Ceanada, an Nua-Shéalainn, an Fhrainc, Nua-Eabhrac agus an Ghearmáin. Tá Creidim Ionat tar éis pobal Gaeilge beoga tacúil a nascadh le chéile ar na meáin shóisialta, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Mhéadaigh líon na rannpháirtithe san fheachtas faoi stiúir meantóra/meantaí ó sheachtain go seachtain de réir mar a roghnaigh daoine comhpháirtí agus a shocraigh siad sprioc. Bhain na rannpháirtithe seo a spriocanna pearsanta teanga féin amach, amhail ordú a chur isteach as Gaeilge i mbialann sa Ghaeltacht, cluiche tomhais a imirt trí mheán na Gaeilge, ceachtanna surfála a ghlacadh trí mheán na Gaeilge agus úrscéal Gaeilge a léamh den chéad uair!

Cé go bhfuil Creidim Ionat tagtha chun deiridh anois, tá leas fós á bhaint as an bhfoshuíomh speisialta a cruthaíodh lena haghaidh agus tóir mhór fós ar leathanach na n-acmhainní ann. Anuas ar sin, déanadh cuid de na hailt speisialta mar gheall ar fhoghlaim na Gaeilge a scríobhadh le haghaidh an fheachtais a athfhoilsiú ar RTÉ le déanaí, i gcomhar Sheachtain na Gaeilge.

Is aitheantas é an duais seo ar an obair chrua uile a bhain le gach cuid den fheachtas.