Tá Tuarascálacha Taighde a dhéanann iniúchadh ar thuairimí daoine óga maidir le Seirbhís Raidió Gaeilge don Óige foilsithe

Léiríonn torthaí tuarascálacha taighde nua ina ndéantar iniúchadh ar thuairimí daoine óga maidir le seirbhís hibrideach raidió Gaeilge fhéideartha  a mbeadh dírithe ar an óige go bhfuil suim shuntasach ann i measc freagróirí. Is dócha gur gá do sheirbhís den chineál seo teacht le haistriú luchtanna éisteachta óga i dtreo ábhar digiteach trí rochtain a chur ar fáil d’ábhar ar an FM traidisiúnta agus go digiteach/ar líne araon.

 

Choimisiúnaigh Údarás Craolacháin na hÉireann, Foras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an tionscadal taighde a rinneadh ina dhá chuid. Bhí sé de chuspóir ag an taighde spéis i seirbhís raidió Gaeilge lán-aimseartha agus hibrideach a dhíríonn ar lucht éisteachta 15-34 bliain d’aois in Éirinn agus na féidearthachtaí atá ann a dhearbhú. Ba é moladh an Choiste Chomhairligh don Ghaeilge é go dtabharfaí faoin taighde. Rinne Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais agus gealltanais BAI do chraoladh Gaeilge de réir mar a leagtar amach iad ina Ráiteas Straitéise eolas don obair seo freisin.

 

Thug Ipsos faoin gcéad chéim. Sa chéim seo, fiosraíodh tuairimí sampla na déimeagrafaice 15-34 bliain d’aois a bhí ionadaíoch go náisiúnta maidir lena spéis i stáisiún raidió Gaeilge agus maidir lena n-oscailteacht éisteacht le stáisiún raidió Gaeilge, chomh maith leis an spreagadh chun éisteacht. Thug Bricolage faoin dara chéim. Bhain an céim seo le staidéar taighde cáilíochtúil i measc phobal na Gaeilge, idir cainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa. Rinneadh iniúchadh ar nósanna fuaime agus meán an lucht éisteachta óg seo agus an cineál ábhar fuaime (i mBéarla agus i nGaeilge) a n-éisteann siad leis, chomh maith leis na bearnaí a mheastar atá ann maidir le hábhar Gaeilge.

 

I measc thorthaí an taighde bhí:

 

  • Ar an iomlán, ag leibhéal náisiúnta, tá margadh na hóige an-ghafa le hábhar fuaime agus tá an raidió fós i dtús cadhnaíochta mar fhormáid i measc soláthróirí ábhar fuaime. É sin ráite, tá sprioc-lucht éisteachta daoine atá 15-34 bliana d’aois ag éirí níos neamhlíní de réir mar a bhogann siad i dtreo ábhar digiteach. Braitear go gcuireann podchraoltaí agus míreanna físe gur féidir a roinnt go sóisialta leis an raidió beo agus bheidís seo ina ngné thábhachtach d’aon seirbhís nua.
  • Bhraith freagróirí, maidir leis na seirbhísí raidió Gaeilge atá ar fáil faoi láthair, nach meallann aon stáisiún raidió reatha na luchtanna éisteachta a aithníodh sa taighde go hiomlán. Tá spás ar leith ag gach ceann de na stáisiúin raidió Gaeilge i súile na bhfreagróirí, arna scaradh óna chéile de réir chaighdeán na Gaeilge, agus ábhar ceannródaíoch in aghaidh gnáthábhair. Creidtear go bhfuil deis ann maidir le hábhar Gaeilge d’ardchaighdeán atá dírithe ar an aos óg.
  • Léirigh freagróirí arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais oscailteacht, spéis agus toilteanas i leith triail a bhaint as stáisiún raidió Gaeilge nua. Príomhtharraingt a bheadh ann don lucht éisteachta seo ná an cineál ceoil a sheinnfí ar an tseirbhís. Don lucht éisteachta óg a labhraíonn Gaeilge, bhí an-spéis i rogha níos mó d’ábhair fuaime Gaeilge ar ardchaighdeán (ealaíon, seónna cainte, cultúr na hÉireann, cúrsaí reatha, spórt, sraitheanna fíorchoire, faisean, greann, agus ábhar ceoil) a bheadh ar fáil ar an FM agus go digiteach.

 

Is é a dúirt Príomhfheidhmeannach BAI, Celene Craig: “Ceann de Chuspóirí Straitéiseacha an Údaráis is ea cláir Ghaeilge d’ardchaighdeáin a chothú agus a chur chun cinn agus béim faoi leith a leagan ar ábhar do lucht éisteachta óg. Tá an taighde a foilsíodh inniu ríthábhachtach ó thaobh ár gcuid tuisceana ar an réimse seo a fhorbairt.  Is léir go bhfuil spéis i measc luchtanna éisteachta óga in ábhar breise agus éagsúil Gaeilge, a chuimsíonn réimse topaicí lena n-áirítear cultúr na hÉireann, cúrsaí reatha, siamsaíocht ghinearálta, an greann agus ceol. Is spéisiúil a thabhairt faoi deara freisin gur leag na rannpháirtithe béim ar an luach a bhaineann le cur leis an raidió traidisiúnta le hábhar digiteach ar nós podchraoltaí agus idirghníomhaíochtaí ar na meáin shóisialta, rud a chruthaíonn muintearas i measc luchtanna éisteachta.

 

“Cé go bhfuil scóip ann d’ábhar atá níos éagsúla agus níos ábhartha ó thaobh an chultúir de, bheadh tuilleadh plé le déanamh ar inbhuanaitheacht aon seirbhís nua i dtimpeallacht a bhíonn de shíor ag athrú agus ag forbairt. Ag na chéad chéimeanna eile, bheadh gá le feasacht ar thionchar seirbhíse nua ar chraoltóirí reatha.

 

“Tá súil agam go mbeidh an taighde seo ina chabhair don rialtóir nua meán, Coimisiún na Meán, agus iad ag déanamh machnamh ar aon straitéis nua ceadúnaithe mar chuid dá ngníomhartha rialúcháin maidir le cinnte a dhéanamh de go bhfuil réimse éagsúil seirbhísí craolacháin ann atá oscailte agus iolraíoch le freastal ar an lucht féachana agus éisteachta in Éirinn.’’

 

Chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn fáilte freisin roimh an taighde, agus roimh an fonn chun cur leis an rogha atá ar fáil dóibh siúd a éisteann le hábhar Gaeilge ar an raidió.

 

Ag cur fáilte roimh an dul chun cinn ar an gceist dó, dúirt sé, “Le hacmhainní an-teoranta, d’éirigh go han-mhaith le Raidió na Gaeltachta agus leis an dá stáisiún raidió pobail Gaeilge, Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste, lucht éisteachta raidió a fhorbairt sa Ghaeltacht agus ar fud an oileáin. Tá a raon, acmhainní agus scóip teoranta faoi láthair, áfach. Ach seirbhís úr a fhorbairt, ag díriú ar an phobal aosach óg, d'fheabhsófaí go mór ilchineálacht agus infhaighteacht ábhair raidió don chuid seo den phobal, agus chuirfí go suntasach leis an bhféidearthacht do dhaoine Gaeilge a úsáid agus sult a bhaint aisti ina ngnáthshaol uile lae ar fud oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin.”

 

Is féidir teacht ar na tuarascálacha taighde ar shuíomh gréasáin an Údaráis anseo.