Scrúduithe TEG 2017: DÁTAÍ & IONAID
Beidh Scrúduithe TEG 2017 ar siúl sna hionaid seo:
|
An Spidéal Béal Feirste Caisleán an Bharraigh Cill Airne Cill Chainnigh Corcaigh Leitir Ceanainn Luimneach Má Nuad |
Páras Prág Nua-Eabhrac Ottawa Sydney |
|
B2 1 Aibreán 2017 * B1 13 Bealtaine 2017 A2 27 Bealtaine 2017 A1 10 Meitheamh 2017
B2 12 Lúnasa 2017* C1 18 & 19 Lúnasa 2017
|
|
*Glactar le Meánleibhéal 2 (B2) mar cheann de na critéir iontrála do chúrsaí sa bhunmhúinteoireacht sna coláistí Oideachais agus i gColáiste Hibernia agus do chúrsaí san aistriúchán agus san ateangaireacht i gcoláistí tríú leibhéal éagsúla.
Is é an dáta deiridh d’iarratais ar scrúduithe TEG ná 1 Márta 2017. Cláraigh anseo. Beidh spriocdháta níos déanaí gceist do scrúduithe mhí Lúnasa agus is i Má Nuad amháin a bheidh na scrúduithe seo ar siúl.
Dírigh ar do chumas labhartha! PÁIRTCHREIDIÚINT AR FÁIL
Tá páirtchreidiúint ar fáil do dhaoine ar mhaith leo an scrúdú cainte amháin a dhéanamh. Mar sin, beidh dhá rogha ag iarrthóirí:
Scrúdú iomlán TEG a dhéanamh agus creidiúint iomlán a fháil;
NÓ
An scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus páirtchreidiúint a fháil.
Beidh foireann TEG sásta scrúduithe cainte a reáchtáil ag amanna eile i rith na bliana do ghrúpaí in ionaid ar fud na tíre. Cuir glaoch ar (01) 708 6417.