Treoir Staidéir i nGaeilge – An Cailín Ciúin

Is cúis áthais d’Oideachas ISÉ (Institiúid Scannán na hÉireann) an treoir staidéir An Cailín Ciúin a sheoladh. Déanann Oideachas ISÉ speisialtóireacht i gcur chun cinn oideachais ar scannánaíocht, cultúr scannán, agus litearthacht na meán. Seo treoir staidéir as Gaeilge atá dírithe ar scoláirí na hIdirbhliana agus ar scoláirí níos sine.

Tá sí oiriúnach don seomra ranga i gcomhthéacsanna teanga T1 agus T2, agus tá réimse gníomhaíochtaí inti a bhaineann le caint, éisteacht, agus scríobh. Tarraingíonn siad ar phríomhghnéithe An Cailín Ciúin ina bhfuil na téamaí seo - an teaghlach, scannánaíocht i nGaeilge, Gaeltacht na nDéise, ceol, agus turas an scannáin iontaigh seo, chomh maith le staidéir ar phríomhcharachtair.

Ag labhairt faoin treoir, duirt Ceannasaí Oideachais ISÉ Alicia McGivern, “Tá áthas an domhain orainn an treoir staidéir in-íoslódáilte a chur ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí. Is féidir í a úsáid in éineacht lenár dtairiscint sruthaithe ar IFI@Schools agus i dtaispeáintí pictiúrlainne ar fud na tíre. Le tacaíocht ó COGG agus i gcomhar le Break Out Pictures, is féidir le múinteoirí An Cailín Ciúin a úsáid ina seomraí ranga, ag breathnú ar an scannán agus ag roghnú ó raon iomlán d’obair is féidir a dhéanamh ina dhiaidh sin sa treoir.”

Scríobh Bernadine Nic Giolla Phádraig an treoir úrnua seo a mhaoinigh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG). Cabhróidh an treoir le muinteoirí An Cailín Ciúin a thabhairt isteach sna ranganna i slí shaibhir spreagúil.

Cuirtear an treoir i láthair le tacaíocht ó COGG agus Break Out Pictures. Féach ar an treoir staidéir anseo

Is í Institiúid Scannán na hÉireann foras cultúrtha náisiúnta na hÉireann le haghaidh scannán. Soláthraíonn sí rochtain do lucht féachana ar fud na hÉireann ar na scannáin neamhspleácha, Éireannacha agus idirnáisiúnta is fearr. Caomhnaíonn agus cuireann sí chun cinn oidhreacht íomhá ghluaisteach na hÉireann trí Chartlann Scannán na hÉireann ISÉ, agus cuireann sí deiseanna ar fáil do lucht féachana de gach aois agus cúlra le foghlaim agus le dul i ngleic go criticiúil le scannáin.