Treo Straitéiseach Fhoras na Gaeilge 2025-2030

1.      Réamhrá

 

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge Treo Straitéiseach 2025-2030 a fhoilsiú. Tá sé d’aidhm ag an Treo Straitéiseach tosaíochtaí oibre na heagraíochta do na blianta seo romhainn a aithint ag ardleibhéal straitéiseach.

Tá an cháipéis ar fáil anseo.

Tá leagan i gcló mór ar fáil anseo.

Seo na treoracha má tá léitheoir scáileáin in úsáid agat:

·         Oscail an Treo Straitéiseach in Acrobat Reader.

·         Téigh chuig Read out loud agus roghnaigh Activate read out loud.

Tabharfar eolas níos mine faoi acmhainní, spriocanna agus spriocdhátaí feidhmithe ar leith sa chéad Phlean Corparáideach eile (2026-2028) atá á fhorbairt faoi láthair agus sna Pleananna Gnó bliantúla a aontaímid leis an dá Roinn Coimircíochta. Tá cur i bhfeidhm an Treo Straitéisigh faoi réir ag dóthain acmhainní a bheith ar fáil go leanúnach d’Fhoras na Gaeilge, riachtanas a aithnítear i ngach cáipéis chorparáideach dár gcuid.  

2.      Próiseas comhairliúcháin

Foilsíodh dréacht den Treo Straitéiseach 2025-2030 i Meitheamh 2024, a bunaíodh ar phlé le foireann agus le Bord Fhoras na Gaeilge agus le saineolaithe seachtracha ar ábhair éagsúla a bhaineann le staid agus stádas na Gaeilge sa tsochaí, thuaidh agus theas. Ó Iúil go Meán Fómhair 2024, thug Foras na Gaeilge cuireadh don phobal tuairimí a léiriú i leith an dréachta seo den Treo Straitéiseach. Bhí rogha ag daoine aonair agus/nó eagraíochtaí suirbhé gearr a chomhlánú nó aighneacht níos faide a sheoladh isteach. Fuarthas 22 aighneacht agus 73 freagra ar an suirbhé. Ina dhiaidh sin, reáchtáladh cruinnithe poiblí, ar an láthair agus ar líne, i nDeireadh Fómhair agus Samhain 2024 chun tuilleadh deiseanna a thabhairt don phobal páirt a ghlacadh sa phlé. Ghlac 103 duine páirt sna cruinnithe sin. Bailíodh go leor tuairimí ón lucht éisteachta ag na cruinnithe agus cuireadh an t-aiseolas sin san áireamh. Thug Bord Fhoras na Gaeilge a bheannacht don leagan deireanach den Treo Straitéiseach i mí na Nollag 2024.

3.      Comhionannas deiseanna

Faoi Alt 75 d’Acht Thuaisceart Éireann 1998, tá dualgas ar Fhoras na Gaeilge an comhionannas deise agus an dea-chaidreamh a chur chun cinn. I bhfianaise nádúr agus scóip an Treo Straitéisigh, chinneamar go ndéanfaí Measúnacht Tionchair Comhionannais (MTC) ar an dréacht comhairliúcháin, féachaint cé na himpleachtaí a bheadh aige don chomhionannas agus don dea-chaidreamh. Le linn an chomhairliúcháin, chuireamar fáilte ar leith roimh aiseolas faoi na téamaí sin, bhuaileamar le grúpaí ionadaíochta agus tugadh cuireadh dóibh freastal ar na cruinnithe poiblí. Níor chuir aon ghrúpa ná duine aonair aighneacht ar leith chugainn faoin MTC féin ach rinneadh moltaí faoin ábhar sin i gcuid de na haighneachtaí ginearálta a fuarthas. Tá clár oibre i leith an chomhionannais á fhorbairt ag Foras na Gaeilge go leanúnach agus déantar go leor tagairtí don ábhar sin sa Treo Straitéiseach.

Tá cóip den MTC ar fáil anseo.

Tá leagan i gcló mór ar fáil anseo.