Treo Straitéiseach – Próiseas comhairliúcháin
1. Réamhrá
In 2020, d’fhoilsigh Foras na Gaeilge a chéad Treo Straitéiseach inar leagadh amach mórchuspóirí straitéiseacha na heagraíochta do 2020-2025. Agus an tréimhse sin ag teannadh chun deiridh, chuaigh Foras na Gaeilge i mbun próiseas comhairliúcháin chun tuairimí an phobail a fháil faoi dhréacht den Treo Straitéiseach nua a chuimsigh mórchuspóirí straitéiseacha na heagraíochta do 2025-2030.
2. Cúlra
Foilsíodh dréacht comhairliúcháin den Treo Straitéiseach i Meitheamh 2024. Tá leagan cló mór den Treo ar fáil anseo. Bunaíodh é ar sheisiúin phlé le foireann agus le Bord Fhoras na Gaeilge agus le saineolaithe seachtracha ar ábhair éagsúla a bhaineann le staid agus stádas na Gaeilge sa tsochaí, thuaidh agus theas. Mar is iondúil le cáipéisí dá leithéid, níor tugadh mioneolas faoi acmhainní ná spriocdhátaí an-sonraithe faoi chur i bhfeidhm na gcuspóirí. Ina ionad sin, bhí sé d’aidhm ag an Treo Straitéiseach seo tosaíochtaí oibre Fhoras na Gaeilge do na blianta seo romhainn a aithint ag ardleibhéal straitéiseach. Tabharfar eolas níos mine faoi acmhainní, spriocanna agus spriocdhátaí feidhmithe ar leith sa chéad Phlean Corparáideach eile (2026-2028) agus sna Pleananna Gnó bliantúla a aontaímid leis an dá Roinn Coimircíochta.
3. Próiseas comhairliúcháin
Céim 1:
Ó Iúil go Meán Fómhair 2024, thug Foras na Gaeilge cuireadh don phobal tuairimí a léiriú i leith an dréachta seo den Treo Straitéiseach. Bhí rogha ag daoine aonair agus/nó eagraíochtaí suirbhé gearr a chomhlánú nó aighneacht níos faide a sheoladh isteach. Fuarthas 22 aighneacht agus 73 freagra ar an suirbhé agus foilsítear anailís ar an aiseolas sin anseo:
Anailís ar aighneachtaí ar fáil anseo
Anailís ar fhreagraí suirbhé ar fáil anseo
Céim 2:
Reáchtáladh cruinnithe poiblí, ar an láthair agus ar líne, i nDeireadh Fómhair agus Samhain 2024 chun tuilleadh deiseanna a thabhairt don phobal páirt a ghlacadh sa phlé:
- Dé Máirt 22ú Deireadh Fómhair ag 7pm: Áras Raidió Fáilte, Béal Feirste (cuireadh ateangaireacht go Béarla ar fáil).
- Déardaoin 31ú Deireadh Fómhair ag 4pm: Svuít 4, Leibhéal 1, INEC, Óstán Gleneagle, Cill Airne, Co. Chiarraí (cruinniú i nGaeilge mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge).
- Dé Máirt 19ú Samhain ag 4pm: cruinniú fíorúil ar líne (cuireadh ateangaireacht go Béarla ar fáil).
- Dé Máirt 19ú Samhain ag 7pm: cruinniú fíorúil ar líne (cuireadh ateangaireacht go Béarla ar fáil).
Reáchtáladh cruinniú faoin Treo Straitéiseach leis an gCeanneagraíocht Conradh na Gaeilge i mBaile Átha ar an gCéadaoin 20ú Samhain.
Bailíodh go leor tuairimí éagsúla ón lucht éisteachta ag na cruinnithe agus tá an t-aiseolas sin á chur san áireamh san athdhréachtú atá ar bun faoi láthair. Cuirfear dréacht leasaithe den Treo Straitéiseach faoi bhráid Bhord Fhoras na Gaeilge i Nollaig 2024 agus faoi réir ag faomhadh an Bhoird, tá sé i gceist againn Treo Straitéiseach 2025-2030 a fhoilsiú go luath in 2025.
4. Comhionannas deiseanna
Faoi alt 75 d’Acht Thuaisceart Éireann 1998, tá dualgas ar Fhoras na Gaeilge an comhionannas deise agus an dea-chaidreamh a chur chun cinn. I bhfianaise nádúr agus scóip an Treo Straitéisigh, chinneamar go ndéanfaí Measúnacht Tionchair Comhionannais (MTC) ar an dréacht seo, féachaint cé na himpleachtaí a bheadh aige don chomhionannas agus don dea-chaidreamh. Tá dréacht den Mheasúnacht sin ar fáil Measúnú Tionchair Comhionannais. Tá leagan cló mór den Mheasúnacht ar fáil anseo. Le linn an chomhairliúcháin, chuireamar fáilte ar leith roimh aiseolas faoi na téamaí sin, bhuaileamar le grúpaí ionadaíochta agus tugadh cuireadh dóibh freastal ar na cruinnithe poiblí. Foilseofar MTC leasaithe in éineacht leis an leagan deiridh den Treo Straitéiseach.