Tús curtha le cur i bhfeidhm Phlean Teanga Bhaile Locha Riach

Tá Foras na Gaeilge tar éis infheistiú corradh is €4.1 milliún a éascú go dtí seo sa phróiseas pleanála teanga in ocht gceantar a fuair aitheantas oifigiúil le déanaí ar son na bhforbairtí ina bpobail Ghaeilge. Fuair na pobail seo ar fud na tíre an t-aitheantas seo agus tugadh tacaíocht agus maoiniú stáit dóibh chun pleananna teanga a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm chun úsáid na Gaeilge ina gceantar a fheabhsú a thuilleadh.

Tá Baile Locha Riach mar cheann de na Gaelphobail atá roghnaithe don fheachtas feasachta náisiúnta atá faoi lán seoil anois. Tá Gaeilge Locha Riach agus baill den phobal áitiúil lárnach sa bhfeachtas. Tá físeán nua cruthaithe ar Ghaeilge agus an pobal sa cheantar chomh maith le fógra raidió ar Galway Bay FM agus neart eile. 

Tá réimse d’imeachtaí agus seirbhísí á bhforbairt ag Gaeilge Locha Riach do chuile aoisghrúpa, chun cur leis na deiseanna atá ar fáil chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Leagtar amach spriocanna agus beartais praiticiúla i bPlean Teanga Bhaile Locha Riach a bhaineann le gach réimse. Don dream óg, tá muid ag iarraidh club óige Spleodar a neartú agus spás a chur ar fáil do dhaoine óga chun go mbeidh siad in ann an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. Beidh grúpa Teaghlaigh le Gaeilge á fhorbairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge, chun tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh agus chun imeachtaí trí Ghaeilge a eagrú don chlann uile. Bíonn ciorcal comhrá Cairde Cois Locha ag bualadh le chéile chuile Chéadaoin, agus tá an grúpa ag éirí níos gnóthaí chuile sheachtain. Beidh turais agus imeachtaí spéisiúla á chur ar fáil ina mbeidh daoine in ann a gcuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh. 

Tá Aoife Ní Chonghaile ceaptha mar oifigeach pleanála Teanga i mBaile Locha Riach, agus í i gceannas ar na beartais atá sa bplean teanga a stiúradh agus a bhaint amach. Tá chuile bheart sa bplean teanga dírithe ar cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i mBaile Locha Riach. Is féidir teacht ar an bplean teanga seo, chomh maith le chuile eolas faoi na himeachtaí a bheas ar siúl againn, ar ár suíomh greasáin nua: www.gaeilgelochariach.ie.

I measc na dtosaíochtaí atá againn don bhliain 2022, tá staidéar féideartheachta le déanamh chun tearmann fisiciúil a fhorbairt, ionad ina mbeidh ár seirbhísí suite agus a bheas mar ionad infheicthe ag pobal labhartha na Gaeilge sa mbaile. Le cúig bliana is fiche anuas, tá próifíl na Gaeilge ardaithe go mór sa mbaile agus sa gceantar timpeall air, agus tá pleananna agus spriocanna soiléire anois againn don gcéad chúig bliana is fiche eile, mar sin tá muid ag súil go mór le feiceáil cén dul chun cinn atá muid in ann a dhéanamh sna blianta amach romhainn.

Dúirt Pól Mag Lionnáin, Cathaoirleach Ghaeilge Locha Riach, “Fáiltím roimh sheoladh an fheachtais Gaelphobal, feachtas a thugann deis dúinn i nGaeilge Locha Riach ár dtaithí a roinnt agus saineolas a fháil ó ghrúpaí ar fud na tíre a bhfuil an teanga á cur chun cinn acu. Tabharfaidh an feachtas deiseanna dúinn tuilleadh spásanna a chruthú i mBaile Locha Riach ina mbeidh an Ghaeilge á labhairt níos mó. Meabhraíonn sé dúinn freisin go bhfuil freagracht ar gach duine, gach ball aonair den phobal, oibriú le chéile má aontaíonn siad leis an sprioc atá againn dár mbaile agus do na daoine, idir óg agus aosta, a bhéas ina gcónaí anseo sna blianta amach romhainn.”

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers,  “Mar Aire a bhfuil freagracht air as cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, táim sásta an dul chun cinn suntasach a fheiceáil atá déanta sa phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre go léir. Sna pobail a dtugaim cuairt orthu i mbailte agus i sráidbhailte fud fad na hÉireann, bím chomh tógtha sin le díograis, coimitmint agus tiomantas mhuintir na háite atá chomh paiseanta sin faoin nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Tréaslaím le Foras na Gaeilge an feachtas agus suíomh gréasáin nua seo a bheidh ina acmhainn den scoth do na heagraíochtaí pleanála teanga atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá lúcháir orm freisin gurb é fócas an tionscnaimh seo é a dhéanamh níos éasca don phobal eolas a fháil faoin nGaeilge ina gceantair féin. Tá sé seo ríthábhachtach le go mbeidh níos mó daoine ag iarraidh an teanga a ghlacadh chucu féin agus chun a chinntiú go bhfásfaidh sí léi amach anseo.”

Tuilleadh eolais

Aoife Ní Chonghaile, Oifigeach Pleanála Teanga, aoife@gaeilgelochariach.ie, 087 152 1010