5 Chineál Áis ó Gaeloideachas a bhaineann le Riachtanais Speisialta Oideachais

Creidim Ionat

Is é fís Gaeloideachas ná go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar oideachas lán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán. Tacaíonn muid le naíonraí agus scoileanna ina gcuid oibre le bheith ionchuimsitheach agus freastal cuí a dhéanamh ar gach páiste, cuma cé na riachtanais oideachais atá acu.

 

Tá réimse áiseanna agus acmhainní chun tacú le páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, a dtuismitheoirí, agus a múinteoirí forbartha ag Gaeloideachas i gcomhpháirt le AsIAm agus Middletown Centre for Autism. Is féidir teacht ar na hacmhainní uilig seo agus áiseanna eile a bhaineann le riachtanais speisialta oideachais ar www.gaeloideachas.ie. Seo cúpla sampla:

 

  1. Físeáin

 

  1. Bileoga Eolais do Thuismitheoirí

 

  1. Ag Ullmhú don Scoil

 

  1. Gníomhaíochtaí don Nollaig (forbartha le Middletown Centre for Autism)

 

  1. Suíomh Gaeloideachas
    1. Rannóg RSO 
    2. Rannóg ar an Uathachas
    3. Rannóg ar an Disléicse

 

Is féidir teacht ar gach acmhainn a bhaineann le RSO sa leabharlann ar shuíomh Gaeloideachas.

 

Beidh Comhdháil ar Riachtanais Speisialta Oideachais á reachtáil ag Gaeloideachas i bpáirt le COGG in Óstán Pháirc an Mhuilinn Chearr, Co. na hIarmhí, ar 24 Samhain. Beidh réimse leathan cheardlann ar siúl do mhúinteoirí agus príomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile. Gach eolas ag gaeloideachas.ie/comhdhail-rso/

 

Tá liosta ríomhphoist ar leith ag Gaeloideachas do thuismitheoirí, agus nuachtlitir ar Riachtanais Speisialta Oideachais freisin. Más maith leat tuilleadh eolais, nuacht, agus acmhainní a fháil, cláraigh anseo.