An Post Irish Book Awards 2021: Inní

cúig leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta do ghradam leabhar Gaeilge na bliana ag na An Post Irish Book Awards 2021. Love Leabhar Gaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, freagrach as an bhfeachtas.

Roghnófar an buaiteoir ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath ar an 23 Samhain agus idir an linn, beimid ag caitheamh súil níos géire ar na leabhra uilig ar an ngearrliosta.

#2 “Inníle Réaltán Leannáin, arna fhoilsiú ag Éabhlóid

Tarraingíonn Réaltán ar a taithí féin mar mhúinteoir, mar mháthair, mar iníon agus mar ghar-iníon sna scéalta seo a thiteann amach thar réimse suíomhanna stairiúla agus comhaimseartha, le bailiúchán scéalta a chur i láthair atá mealltach agus a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Ó Bhéal Feirste an chéid seo caite go Baile Átha Cliath na linne seo, treoraíonn Réaltán go cumasach muid tríd chalaois, lúbaireacht agus uisce faoi thalamh. Caitheann Réaltán súil ghéar ar shaol na gcarachtair inchreidte a chuireann romhainn, ceistíonn ról na n-aicmí sa tsochaí, nochtann an fhimíneacht a bhíonn a cheilt i gan fhios agus tarraingíonn aird ar an mhí-chothromaíocht i saol na gcarachtair shuimiúla a chuireann os ár gcomhair. Éiríonn léi seo a bhaint amach go réidh caolchúiseach sa chnuasach nua gearrscéalta seo.

An údar: Rugadh Réaltán Leannáin i mBéal Feirste ach lonnaithe i mBaile Átha Cliath ó na hochtóidí. tréimhsí caite aici ag teagasc ag an dara leibhéal agus ag léachtóireacht i gColáiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Ceapadh í ina Scríbhneoir Cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath don bhliain 2019. Tháinig cor sa tsaol di i 2008. Thángthas ar ailse brollaigh inti agus chuaigh faoi chóir leighis réir. Choinnigh dialann le linn an tréimhse sin. Ag éirí as na nótaí sin, scríobh cnuasach filíochtaTuras Ailse (2011). Thosaigh  blag a bhain gradam amach, agus atá beo go fóill. ag scríobh ó shin.

An foilsitheoir: Cuireann Éabhlóid ábhar Gaeilge ar fáil trasna na meáin scríofa, físe agus fuaime. Foilsíonn siad leabharthaí do dhaoine fásta agus do phaistí. Léiríonn siad scannáin is clártha teilifíse chomh maith.

Is féidir vóta a chaitheamh do "Inní" anseo

Agus is féidir "Inní" a cheannach anseo