Tabhair Cuairt Orainn!

Ceannáras Bhaile Átha Cliath

Is é ár seoladh: 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath, D01 H275.

Is féidir teacht ar an oifig go héasca ar an mbus, ar an traein, agus ar an rothar. Is féidir turas le modhanna éagsúla iompair phoiblí a phleanáil ar shuíomh Transport for Ireland 

Ag teacht go dtí an oifig ar an mbus

Is iad na stadanna bus is giorra don cheannáras:

  • Rae Portland (stad 515) – 1 nóiméad de shiúl na gcos
  • Sráid Amiens (stad 619) – 3 nóiméad de shiúl na gcos
  • Conghaile (stad 1500) – 5 nóiméad de shiúl na gcos
  • Conghaile (stad 497) – 6 nóiméad de shiúl na gcos

Tá an ceannáras 8 nóiméad de shiúl na gcos ó Bhusáras.

Tá an ceannáras cóngarach do 2 shráid i lár na cathrach a dtéann an-chuid busanna tríothu: Sráid Uí Chonaill (14 nóiméad de shiúl na gcos), Sráid Ghairdinéir (9 nóiméad de shiúl na gcos).

Ag teacht go dtí an oifig ar an traein agus ar an Luas

Tá an ceannáras 5 nóiméad de shiúl na gcos ó Stáisiún Uí Chonghaile, ar stáisiún traenach é agus ar stad é ar líne dhearg an Luas.

Tá Stáisiún Heuston ar líne dhearg an Luas freisin. Tá turas 20 nóiméad idir an 2 stáisiún ar an Luas.

Is féidir aistriú ón líne ghlas den Luas go dtí an líne dhearg ó Shráid Uí Chonaill nó ó Shráid Mhaoilbhríde, agus teacht ar bord na líne deirge ag Sráid na Mainistreach.

Ag teacht go dtí an oifig ar an rothar

Más maith leat teacht ar an oifig ar an rothar:

  • Tá páirceáil rothar ar fáil do chuairteoirí
  • Déan teagmháil linn roimh ré le haghaidh sonraí páirceála, le do thoil
  • Tá trealamh deisiúcháin againn do chuairteoirí má theastaíonn sé
  • Tá an oifig nóiméad amháin ar an rothar ó Dhroichead Newcomen ar Ghlasbhealach na Cánálach Ríoga
  • Bain úsáid as do léarscáil nó aip ghutháin chun an turas is oiriúnaí a oibriú amach duit féin

Trádstóras Áis, Dún Seachlainn

Is é ár seoladh: Aonad 3, Páirc Ghnó Dhún Seachlainn, Dún Seachlainn, Co. na Mí, A85 V624.

Ag teacht go dtí an trádstóras ar an mbus

Is iad na stadanna bus is giorra don trádstóras:

  • Dún Seachlainn, 101871 (4 nóiméad de shiúl na gcos)
  • Dún Seachlainn, 101341 (4 nóiméad de shiúl na gcos)

Ag teacht go dtí an trádstóras ar an traein

Is é an stáisiún traenach is giorra don trádstóras Ollpháirc M3 i gContae na Mí. Is féidir nascadh ón stáisiún sin go dtí an trádstóras trí bhus 109 nó 109B a fháil. Maireann an turas bus sin 40 nóiméad.

Is féidir turas le modhanna éagsúla iompair phoiblí a phleanáil ar shuíomh Transport for Ireland

Ag teacht ar an trádstóras ar an rothar

Más maith leat teacht ar an trádstóras ar an rothar:

  • Níl páirceáil rothar ar fáil do chuairteoirí
  • Déan teagmháil linn roimh ré agus thig linn rud éigin a shocrú duit
  • Tá trealamh deisiúcháin againn do chuairteoirí má theastaíonn sé
  • Bain úsáid as do léarscáil nó aip ghutháin chun an turas is oiriúnaí a oibriú amach duit féin

Oifig Chlár na Leabhar Gaeilge, Ráth Chairn

Is é ár seoladh: Foras na Gaeilge, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí, C15 YXC1.

Táimid san fhoirgneamh céanna le Leabharlann Ráth Chairn, a d’fhéadfadh a bheith níos so-aimsithe d’aipeanna léarscála, tiománaithe tacsaí, srl.

Is sráidbhaile beag Gaeltachta é Ráth Chairn i gContae na Mí, nach bhfuil aon nasc díreach iompair phoiblí aige. Is iad Baile Átha Buí agus Baile Átha Troim na bailte is giorra do Ráth Chairn a bhfuil naisc iompair phoiblí acu. Is féidir tacsaí nó síob a fháil uathu sin go dtí an oifig.

Is féidir costas tacsaí a mheas le huirlis Transport for Ireland anseo

Ag teacht ó Bhaile Átha Buí

Tá Baile Átha Buí níos giorra do Ráth Chairn agus téann busanna 111 agus 109B tríd.

Is féidir tacsaí nó síob a fháil ó Bhaile Átha Buí go Ráth Chairn ansin. Maireann an turas seo timpeall 10 nóiméad sa charr.

Ag teacht ó Bhaile Átha Troim

Téann busanna 111, 109B agus 190 trí Bhaile Átha Troim.

Is féidir tacsaí nó síob a fháil ó Bhaile Átha Troim go Ráth Chairn ansin. Maireann an turas seo timpeall 15 nóiméad sa charr.

Is féidir turas le modhanna éagsúla iompair phoiblí a phleanáil ar shuíomh Transport for Ireland

Ag teacht go dtí an oifig ar an rothar

Más maith leat teacht go dtí an oifig ar an rothar:

  • Níl páirceáil rothar ar fáil do chuairteoirí
  • Déan teagmháil linn roimh ré agus thig linn rud éigin a shocrú duit
  • Tá trealamh deisiúcháin againn do chuairteoirí má theastaíonn sé
  • Bain úsáid as do léarscáil nó aip ghutháin chun an turas is oiriúnaí a oibriú amach duit féin. Cuir san áireamh, le do thoil, gur bóithre beaga tuaithe atá sa cheantar

Oifig Ghaoth Dobhair

Is é ár seoladh: Foras na Gaeilge, an Chrannóg, Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Dún na nGall, F92 EYT3.

Ag teacht go dtí an oifig ar an bhus

Freastalaíonn bus 966 ar Dhoirí Beaga, bealach a nascann an Fál Carrach leis an Chlochán Liath. Stadann an bealach seo ag Aerfort Dhún na nGall fosta. Is é an stad is giorra ar an bhealach seo Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair/Molloy’s Spar i nDoirí Beaga, atá 20 bomaite de shiúl na gcos ón oifig nó tiomáint 2 bhomaite i dtacsaí nó síob. Tuilleadh eolais

Téann na busanna príobháideacha seo a leanas fríd an cheantar fosta:

  • Patrick Gallagher Coaches – nascann an tseirbhís seo Dún na nGall le Doire agus le Béal Feirste. Stadann sí i Leitir Ceanainn fosta. Is é an stad is giorra ar an tseirbhís seo Croisbhealaí an Bhuna Bhig, ar tiomáint 4 bhomaite ón oifig é i dtacsaí nó síob. Tuilleadh eolais
  • John McGinley Coaches – nascann an tseirbhís seo Dún na nGall le Baile Átha Cliath. Stadann sí i Leitir Ceanainn fosta. Is é an stad is giorra ar an tseirbhís seo Croisbhealaí an Bhun Bhig, ar tiomáint 4 bhomaite é ón oifig i dtacsaí nó síob. Tuilleadh eolais
  • Bus Feda – nascann an tseirbhís seo Dún na nGall le Cathair na Gaillimhe. Stadann sí i Leitir Ceanainn agus baile Shligigh fosta. Is é an stad is giorra ar an tseirbhís seo Molloy’s Spar sna Doirí Beaga, ar tiomáint 2 bhomaite é ón oifig i dtacsaí nó síob. Stadann sí ag Croisbhealaí an Bhun Bhig fosta, ar tiomáint 4 bhomaite é ón oifig i dtacsaí nó síob. Tuilleadh eolais

Is féidir costas tacsaí a mheas le huirlis Transport for Ireland anseo

Ag teacht go dtí an oifig ar an rothar

Más maith leat teacht go dtí an oifig leis an rothar:

  • Níl páirceáil rothar ar fáil do chuairteoirí
  • Déan teagmháil linn roimh ré agus thig linn rud éigin a shocrú duit
  • Tá trealamh deisiúcháin againn do chuairteoirí má sé de dhíobháil
  • Bain úsáid as do léarscáil nó aip ghutháin chun an turas is fóirsteanaí a oibriú amach duit féin. Cuir san áireamh, le do thoil, gur bóithre beaga tuaithe atá sa cheantar

Oifig Bhéal Feirste

Is é ár seoladh: 1ú Urlár, Foirgnimh an Chleandair, 6/6A Sráid an Chleandair, Béal Feirste, BT1 5HX.

Ag teacht go dtí an oifig leis an chóras iompair phoiblí

Is féidir turas le modhanna éagsúla iompair phoiblí a phleanáil ar shuíomh Translink

Glider

Is iad na stadanna bus is cóngaraí don oifig:

  • Plás Wellington – 4 bhomaite de shiúl na gcos.
  • Sráid Chichester – 4 bhomaite de shiúl na gcos.
  • Sráid May (Halla na Cathrach) – 4 bhomaite de shiúl na gcos.

Busanna Translink

Is iad na stadanna bus is cóngaraí don oifig:

  • Cearnóg Dhún na nGall, Iarthar – 5 bhomaite de shiúl na gcos
  • Sráid na Banríona – 6 bhomaite de shiúl na gcos
  • Sráid Bedford – 7 mbomaite de shiúl na gcos
  • Cearnóg Dhún na nGall, Oirthear– 3 bhomaite de shiúl na gcos

Traein

  • Tá an oifig 14 bomaite de shiúl na gcos ó Mhórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste.

Ag teacht go dtí an oifig ar an rothar

  • Níl páirceáil rothar ar fáil do chuairteoirí.
  • Déan teagmháil linn roimh ré agus thig linn rud éigin a shocrú duit.
  • Bain úsáid as do léarscáil nó aip ghutháin chun an turas is fóirsteanaí a oibriú amach duit féin.