Comórtas na Leabhar Gaeilge – Mí na Samhna

Duaisleabhar nua le buachan gach mí!
Duaisleabhar na Míosa

Ní bheidh fuath agam oraibh le hAntoine Leiris

(aistrithe ag Colm Ó Lorcán)

Foilsitheoir: LeabhairCOMHAR

Nuair a chaill Antoine Leiris a bhean de dheasca ionsaí sceimhlitheoireachta sa cheoláras Bataclan i bPáras in 2015 d’fhoilsigh sé litir chuig na sceimhlitheoirí ar Facebook:

‘ní thabharfaidh mé an tsástacht seo daoibh – ní bheidh fuath agam oraibh’

Seo fíorscéal faoina shaol laethúil lena mhac i ndiaidh an ionsaithe. Tá crá croí ann chomh maith le dóchas agus greann – an dólás agus an sólás.

 

Conas an leabhar a bhuachan?

 

1.       Freagair an cheist

2.       Cuir d'ainm ar ár liosta poist

 

Spriocdháta le haghaidh iarratais: 1pm Dé Luain an 22 Samhain 2021