An Post Irish Book Awards 2021: Mé Suibhne

cúig leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta do ghradam leabhar Gaeilge na bliana ag na An Post Irish Book Awards 2021. #LoveLeabharGaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, freagrach as an bhfeachtas.

Roghnófar an buaiteoir ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath ar an 23 Samhain agus idir an linn, beimid ag caitheamh súil níos géire ar na leabhra uilig ar an ngearrliosta.

#5 “ Suibhnele Fergal Ó Béarra, arna fhoilsiú ag Leabhar Breac

Téacs é Buile Shuibhne a cumadh go gairid tar éis 1200 ina gcloistearroinnt céadta bliain sular tharla a leithéid (aimsir an Renaissance) sa gcuid eile de litríocht na hEorpaguth sainiúil suaithinseach na hindibhide. Sa leabhar seo, Suibhne, athchóiriú déanta ag Feargal Ó Béarra ar cheann de mhórscéalta na hÉireann agus na hEorpa.

An Údar: Coisfharraigeach de dhúchas Mhaigh Eo é Feargal Ó Béarra. I mBothúna, ar an Spidéal, a tógadh é agus is i nGaillimh agus sa Ghearmáin a rinne léann. tréimhsí caite aige i mbun taighde is teagaisc sa Ghearmáin, san Iorua, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus in Éirinn. Is sa Bheilg atá ag cur faoi anois, agus é i mbun aistriúcháin i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil. Le blianta beaga anuas, athchóiriú déanta ag an mBéarrach ar phéire de sheanscéalta móra na Gaeilge, Tromdhámh Guaire agus Buile Shuibhne.

An Foilsitheoir: Teach beag foilsitheoireachta suite i gClochar an Locha taobh thiar den Spidéal i nGaeltacht Chonamara é Leabhar Breac. Is iad Darach Ó Scolaí agus Caomhán Ó Scolaí a bhunaigh an teach sa bhliain 1994, nuair a foilsíodh An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil. Ón tús, chuir siad rompu leabhair ar chaighdeán ard litríochta agus ealaíne a chur ar fáil agus, diaidh ar ndiaidh, aitheantas bainte amach acu as an ngné sin saothar. is moite de na leabhair a fhoilsíonn siad thar lear i gcomheagrán le foilsitheoirí eile, is in Éirinn a chlóbhualann siad a gcuid leabhar, i gClódóirí Lurgan i nDoire . os cionn 140 leabhar i gcló ag Leabhar Breac anois.

Is féidir vóta a chaitheamh do "Mé Shuibhne” anseo

Agus is féidir "Mé Shuibhne” a cheannach anseo