Madame Lazare roghnaithe mar ainmniúchán na hÉireann do Dhuais an Aontais Eorpaigh don Litríocht

leabhar Gaeilge, an t-úrscéalMadame Lazare’ le Tadhg Mac Dhonnagáin roghnaithe ag Litríocht Éireann mar ainmniúchán na hÉireann d’eagrán 2022 de Dhuais an Aontais Eorpaigh don Litríocht. Is éMadame Lazare’ an chéad leabhar i nGaeilge a roghnaíodh mar ainmniúchán don dhuais go nuige seo.

Bhain Madame Lazare Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana ag An Post Irish Book Awards 2021, ainmníodh é ar ghearrliosta Gradam Shuilleabháin, Oireachtas na Gaeilge 2021 agus bhain dréacht neamhfhoilsithe duais an urscéil, gradam Liteartha an Oireachtais 2020.

Ceithre leabhar déag san iomlán ó thíortha éagsula ar fud na hEorpa atá ainmnithe do Dhuais na bliana seo. Roghnófar mórbhuaiteoir amháin agus ainmneofar cúig leabhar eile a bhfuil aitheantas speisialta le dul acu, ag ócáid ag an Festival du Livre i bPáras na Fraince ar an 21 Aibreán. Is iad na tíortha óna dtagann na leabhair eile an Ostair, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Úcráin, an Bheilg, an tSeoirsia, an Ghréig, an Iodáil, an Liotuáin, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Spáinn.

An aidhm atá leis an Duais Eorpach don Litríocht, de chuid an Aontais Eorpaigh leabhair na hEorpa a chur á n-aistriú agus á léamh chomh forleathan agus is féidir ó cheann ceann na hEorpa. Tionscadal de chuid Cláir Chruthaithigh na hEorpa is ea é.

Barzaz, inphrionta an chomhlachta Futa Fata do dhaoine fásta a d’fhoilsigh Madame Lazare, le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge agus ón gComhairle Ealaíon. an comhlacht agus an t-údar araon lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe agus tráthúil go leor, is ar an gcósta thiar céanna a thosaíonn Madame Lazare, scéal a thugann ar aistear muid go dtí Páras agus an Bhruiséil.

Deir údar an leabhair, Tadhg Mac Dhonnagáin, go bhfuilríméad croí orm gur roghnaíodh m’úrscéal mar iontráil na hÉireann ar Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh, 2022. Onóir an-mhór atá ann a bheith curtha san áireamh mar ghuth Eorpach i measc ceithre scríbhneoir déag ó cheann ceann na Mór-Roinne, ina measc, an t-úrscéalaí Úcránach Eugenia Kuznetsova.”

ardmholadh faighte ag an úrscéal  ó léirmheastóirí go leor. Dúirt Máire Fhinneadha ar Tuairisc.ie gur “úrscéal iontach atá ann don oíche áirneáin don latte i gcaife idirnáisiúnta”. ‘Leabhar na bliana domsa, a bhí le ag an scríbhneoir Doireann Ghríofa ina thaobh agus is é an cur síos a rinne Áine Ghlinn air an t-úrscéal Gaeilge is fearr a léigh leblianta fada”.