Blag na Scéime Meantóireachta 2021: Tadhg Mac Dhonnagáin

Tugann Tadhg cuntas sa bhlag thíos maidir lena thaithí féin ag obair mar mheantóir faoin scéim, na réimsí liteartha a phléann sé leo agus an bealach is fearr le dul i ngleic le tabhairt faoi shaothar a scríobh.

Tá mé féin ag feidhmiú mar mheantóir le suim blianta anuas. Is ag díriú ar cheird na bpictiúrleabhar do pháistí óga a bhí mé formhór an ama sin. Is rud coitianta go maith é go mbíonn fonn scríbhneoireachta ar dhuine ach níl siad cinnte céard atá á scríobh acu. I gcás scríbhneoirí atá ag scríobh do dhaoine fásta, is minic go mbíonn smaoineamh ann ach gan na huirlisí go fóill ag an scríbhneoir leis an ábhar a chur i láthair ar bhealach a mheallfaidh léitheoir ina threo.

I gcás a bheith ag scríobh do pháistí, is minic nach mbíonn eolas cruinn ag an scríbhneoir ar na seánraí éagsúla agus ar na haoisghrúpaí éagsúla a bhfuil na seánraí sin dírithe orthu. Agus mé ag obair le scríbhneoir ar phictiúrleabhar a scríobh, déanann muid staidéar ar fhoirm an phictiúrleabhair dhá leathanach is tríocha – an fhormáid chaighdeánach idirnáisiúnta a shaothraíonn muid tigh Futa Fata. Déanann muid plé ar na bunphrionsabail a bhaineann le scéal den sórt seo a scríobh – prionsabail atá an-úsáideach agus scéal de chineál ar bith, d’aoisghrúpa ar bith á chur i dtoll a chéile. Labhraíonn muid ar an bpríomhcharachtar, ar a nádúr, ar an bhfadhb atá aici nó aige, ar an gcaoi a gcuirtear tús leis an scéal, ar an aistear mothúchánach atá le déanamh ag an gcarachtar, ar an gcaoi a dtagann casadh sa scéal i lár báire agus i dtreo dheireadh an scéil. Labhraíonn muid freisin ar ailtireacht an leabhair, ar an tábhacht atá le rithim agus luas an scéil, ar an gcaoi leis na pictiúir a phósadh leis na focail ionas go mbeidh an dá eilimint ag comhoibriú le chéile le heispéaras saibhir scéalaíochta agus samhlaíochta a chur ar fáil. Díríonn muid ar an scéal a leagan amach ina mheascán spreagúil de phictiúir shingle agus pictiúir dhúbailte agus an tábhacht a bhaineann le casadh an leathanaigh le cur le drámaíocht an scéil.

Labhraíonn muid freisin ar charachtair a chruthú, ar na rudaí atá ag teastáil uathu seachas na rudaí atá de dhíth orthu agus iad ar a n-aistear i dtreo a bheith sona, i dtreo a bheith istigh leo féin.

I mbliana den chéad uair, tá mé ag plé le scríbhneoir atá ag díriú ar shaothar do dhaoine fásta a chruthú. Tá roinnt mhaith de na bunphrionsabail thuasluaite i gceist agus úrscéal á scríobh ach tá scileanna eile ann nach bhfuil slí ann le hiad a chur in iúl i bhfoirm ghairid an phictiúrleabhair. Tuiscint ar an gcaoi le glór a chruthú, nó a aimsiú – rud lárnach é sin san úrscéalaíocht, sílim. Tá tábhacht le stíl scríbhneoireachta, le háilleacht an phróis, ach thar gach rud eile, creidim go bhfuil tábhacht le daoine daonna a chur i láthair ina steillbheatha. I gcaitheamh na mblianta, tá teicnící foghlamtha agam a bhaineann leis an gcur i láthair sin. Agus mé ag meantóireacht, triallaim cuid den eolas sin a roinnt leis an scríbhneoir agus na huirlisí sin a thabhairt dóibh, uirlisí a chuirfidh ar a gcumas a scéal féin a scríobh, a nglór féin a aimsiú.