Scéim na gCompántas Drámaíochta 2026
Scéim na gCompántas Drámaíochta 2026
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
24 Aibreán 2026
Beidh Scéim na gCompántas Drámaíochta Proifisiúnta oscailte do ghrúpaí drámaíochta atá bunaithe go dlíthiúil mar chompántas proifisiúnta drámaíochta, grúpaí nuabhunaithe san áireamh, ar mian leo drámaí Gaeilge nó dátheangacha a léiriú timpeall na tíre.
Díríonn an scéim seo ar chompántais drámaíochta Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais. Lena chois sin, is ar fhorbairt pobail, freastail agus luchta féachána imeachtaí drámaíochta a dhíríonn an scéim seo.