Ré nua d’Fhoras na Gaeilge i bhFoirgnimh an Chleandair, Béal Feirste

30 Deireadh Fómhair 2025

Tá Foras na Gaeilge ag cur tús le ré nua an tseachtain seo le hathlonnú Oifig Bhéal Feirste go Foirgnimh an Chleandair, suite go lárnach ar Shráid an Chleandair, os comhair Halla na Cathrach, Béal Feirste. Tá an fhoireann lonnaithe anois ar an gcéad urlár den fhoirgneamh nuachóirithe, ag leanúint ar aghaidh le tacaíocht don phobal Gaeilge sa chathair, agus leis an phobal níos leithe Gaeilge ó thuaidh. 

Cuirfidh an oifig úr seo le cumas Fhoras na Gaeilge freastal níos éifeachtaí ar an phobal trí bheith i gcroílár na cathrach. Beidh sé níos fusa do dhaoine teacht ar an oifig, rud a spreagfaidh rannpháirtíocht agus cumarsáid dhíreach leis an fhoireann. Tá suíomh na hoifige nua straitéiseach – gar don Mhór-Stáisiún Lárnach, do na meáin áitiúla, agus do chomhpháirtithe pobail – rud a éascóidh comhoibriú, imeachtaí pobail, agus forbairt tionscadail úra.  

Ó bunaíodh oifig Bhéal Feirste i 2003, tá Foras na Gaeilge i ndiaidh obair leanúnach a dhéanamh le heagraíochtaí áitiúla mar Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich, Raidió Fáilte, Turas, agus na grúpaí pobail éagsúla ó Ghleann Gormlaithe in oirthuaisceart na Cathrach go Cill Uaighe in iardheisceart an Cathrach. Tá an t-aistriú seo tráthúil, ag teacht le forbairtí nua i mBéal Feirste, lena n-áirítear polasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus teacht Oireachtas na Gaeilge go dtí an chathair.  

Deir Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: 

“Is deis í seo ní hamháin d’athlonnú fisiciúil ach d’athnuachan ár dtiomantais don phobal. Tá súil againn go mbeidh an oifig nua mar lárionad gníomhach don Ghaeilge i mBéal Feirste agus do phobal na Gaeilge ó thuaidh sna blianta amach romhainn.” 

Agus Foras na Gaeilge ar an bhfód anois le 26 bliain, tá dóchas ann go leanfaidh an Ghaeilge ag fás agus ag forbairt ó thuaidh, le tacaíocht ón bpobal, agus ó chomhpháirtithe áitiúla, go háirithe i bhfianaise stair shaibhir an cheantair, i dtaca leis an athbheochan teanga de sa 19ú haois, a raibh baint ag daoine macasamhail James McDonnell agus Robert Shipboy McAdam, tionsclaí Preispitéireach, teangeolaí agus béaloideasóir léi. Ba dhaoine iad siúd a d’aithin an tábhacht a bhain le hoidhreacht na Gaeilge do chathair Bhéal Feirste agus don tír ar fad. Beidh Foras na Gaeilge ag iarraidh tógáil ar an dúshraith dhaingean a chuir na daoine sin síos i mBéal Feirste agus i gCúige Uladh sna blianta amach romhainn.  

Críoch

Tuilleadh eolais: 

Grianghraif

Tá grianghraif d’Fhoirgneamh an Chleandair ar fáil anseo agus anseo

 

Seoladh nua & Sonraí teagmhála 

Foras na Gaeilge, 

1ú Urlár 

Foirgnimh an Chleandair, (Callender Buildings) 

6/6a Sráid an Chleandair,  

Béal Feirste. 

BT1 5HX 

 

T: 028 (048) 9089 0970 

R : eolas@forasnagaeilge.ie 

 

Faoi  Theach an Gheata Thiar (Oifig Fhoras na Gaeilge 2003-2025) 

Teach an Gheata Thiar a tugadh ar an fhoirgneamh mar gheall ar an láthair – tá sé suite go díreach san áit a raibh ceann de na geataí i mballaí daingnithe an tsean-bhaile sa 17ú haois. Geata an Mhuilinn an t-ainm ceart a bhí ar an gheata mar bhí muileann go díreach taobh amuigh de ar an taobh thiar, ag bun cheantar na bhFál. 

 

Faoi Fhoirgneamh an Chleandair (Oifig Fhoras na Gaeilge 2025-) 

Tá oifig úr Fhoras na Gaeilge anois bogtha go dtí foirgneamh os comhar Halla na Cathrach, i Sráid an Chleandair, agus arís tá baint ag an stair le hainm na háite. Tugadh Sráid an Chleandair ar an áit seo sa 18ú haois mar gheall ar chuid den phróiseas déanta línéadaigh darb ainm cleandarú, nuair a chuirtear éadach garbh línéadaigh trí inneall (dar ainm cleandar) le rollóirí móra a fháisceann an t-éadach. Le linn an 18ú & an 19ú haois bhí an tsráid lán le ceannaithe a bhí i ngnó an línéadaigh, agus a bheadh ag díol a gcuid táirgí i Halla an Línéadaigh Bháin cúpla céad slat ar shiúl, mar a bhfuil Halla na Cathrach sa lá atá inniu ann.

Ba sa cheantar é seo fosta a bhí cónaí ar chuid de na daoine a chothaigh oidhreacht Ghaeilge Bhéal Feirste sa 19ú haois, ina measc James McDonnell (as Plás Dhún na nGall) agus Robert Shipboy McAdam (as Cearnóg an Choláiste Thoir) a bhunaigh Cuideacht Gaoidhilge Uladh  in 1830.