Buiséad 2026: Arduithe suntasacha faofa ag Bord Fhoras na Gaeilge

3 Feabhra 2026 

  • Ardú 15% i mbuiséad Cheanneagraíochtaí Gaeilge
  • Maoiniú breise €210,000 don Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge

Cheadaigh Bord Fhoras na Gaeilge arduithe suntasacha chomh maith le tionscadail bhreise do 2026 ag cruinniú boird 30 Eanáir i mBaile Átha Cliath. Beidh arduithe á gcur i bhfeidhm leis an méadú de bhreis agus €2 milliún a cheadaigh An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, d’Fhoras na Gaeilge do 2026. 

Ceadaíodh ardú 15% sa mhaoiniú a chuirfear ar fáil don Chur Chuige Comhpháirtíochta do Cheanneagraíochtaí Gaeilge (Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael agus Gaeloideachas) agus na réimsí a thagann faoina gcúram le tacú lena ngníomhaíochtaí faoin gclár oibre atá aontaithe dá réimsí do 2026.  

Ceadaíodh tacaíocht bhreise dar luach €210,000 don Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge do 2026. Tríd an gciste aon-uaire, cuirfear €7,500 breise ar fáil do 28 deontaí ag meánchéim agus ardchéim na scéime.  

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn “Tá áthas orainn bheith in ann cur leis na buiséid seo, don chéad uair le blianta anuas. Tacóidh an infheistíocht bhreise seo le cur chun cinn na teanga ag leibhéal an phobail. Lena chois sin, beimid ag fógairt roinnt scéimeanna úra tábhachtacha go luath a chuirfidh le deiseanna úsáide do ghrúpaí éagsúla sa phobal.“ 

Fógrófar tuilleadh tionscadal agus scéimeanna a cheadófar faoin maoiniú breise le linn 2026. 

Críoch 

Faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 

Tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil anseo 

Tuilleadh eolais  

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge 

Teil: 00 353 87 293 7686 

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie