Ráiteas Deireadh Bliana 2025: Críoch stairiúil le bliain thorthúil d’Fhoras na Gaeilge
- An chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge seolta ag Uachtarán na hÉireann
- Infheistíocht €3.1 milliún sa phleanáil teanga
Is cúis bhróid d’Fhoras na Gaeilge Ráiteas Deireadh Bliana 2025 a chur faoi bhráid an phobail. Tugann an ráiteas léargas achomair ar chuid de na nithe is suntasaí atá bainte amach ag Foras na Gaeilge sna réimsí ba mhó a raibh muid gníomhach iontu le linn 2025.
Chuimsigh an obair sin tacaíocht forbartha do ghrúpaí pobail, do na sé Cheanneagraíocht Ghaeilge, do na meáin Ghaeilge, chomh maith le comhpháirtíocht ag forbairt deiseanna úsáidte Gaeilge don phobal. Lena chois sin, chuimsigh sé na 520 deontas a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do ghrúpaí sa phobal, na gníomhaíochtaí a d’éascaigh sin, agus an fhostaíocht in earnáil na Gaeilge atá curtha ar fáil de bharr ár dtacaíochta do 227 post - méadú de 7 bpost ó 2024.
Ó bhliain go bliain bíonn Foras na Gaeilge agus ár gcuid comhpháirtithe ag plé le raon an-leathan de réimsí atá riachtanach le tacú le teanga mhionlaithe le go mbeidh sí á húsáid go forleathan sa phobal. Cuirtear san áireamh san achoimre deireadh bliana seo an obair ríthábhachtach sin i réimsí na pleanála teanga ag leibhéal an stáit sa dá dhlínse - obair foclóireachta, obair théarmaíochta, tacaíocht do réimse na leabhar agus na scríbhneoireachta, agus ardú feasachta. Is gnéithe iad seo den phleanáil teanga ag leibhéal an stáit atá riachtanach do na gníomhartha uilig atá idir lámha ag ranna Rialtais agus ag eagraíochtaí eile.
Tá borradh le tamall de bhlianta faoi réimse na leabhar, ag leibhéal na foilsitheoireachta, na scríbhneoireachta agus l na léitheoireachta, agus bhí a shliocht sin le feiceáil ar dhíolachán Áis in 2025, a raibh luach de €1.1 milliún air.
Is toradh é sin ar an obair atá déanta ag an iliomad comhpháirtithe idir fhoilsitheoirí, scríbhneoirí, úinéirí siopaí, scoileanna, agus chomhpháirtithe in eagraíochtaí eile – An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Leabhair Pháistí Éireann, Lá Domhanda na Leabhar, Cumann na Scríbhneoirí, agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta atá i ndiaidh maoiniú don réimse seo a ardú go €2m in 2026. Ba léiriú ar an mbeocht sin, mórsheoladh Nollag an Ghúim, nuair a sheol Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns, 13 leabhar a d’fhoilsigh comhlacht foilsitheoireachta Fhoras na Gaeilge.
Is ábhar bróid é do Bhord Fhoras na Gaeilge an obair cheannródaíoch atá idir lámha againn i réimse na foclóireachta. Baineadh cloch mhíle stairiúil amach i mbliana san obair sin nuair a sheol Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, an Foclóir Nua Gaeilge roimh an Nollaig – an chéad fhoclóir ar líne dá leithéid. Cuirfidh an foclóir seo go mór le forbairt leanúnach na Gaeilge, agus níl aon amhras ach go n-athróidh sé meon an phobail i leith na Gaeilge sna blianta amach romhainn.
Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, An tOllamh Regina Uí Chollatáin;
“Tá ról tábhachtach comhairleach ag Foras na Gaeilge, agus tá mé an-sásta go raibh ionadaithe dár gcuid rannpháirteach ag an leibhéal is airde sa phlé reatha ar na 3 mhór-pholasaí oideachais rialtais atá á bhforbairt faoi láthair ó dheas, mar atá an Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge, an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Béarla agus an Plean Náisiúnta don Ghaeilge san Fhoghlaim & Cúram Luath-Óige, agus sa Chúram Leanaí. Tiocfaidh claochlú ar an dóigh a gcaitear le foghlaim agus le sealbhú na Gaeilge ó dheas de bharr na bpolasaithe seo sna blianta beaga atá amach romhainn. Lena chois sin, tá ionadaithe Fhoras na Gaeilge lárnach i bhforbairt Straitéis an Fheidhmeannais ó thuaidh don Ghaeilge a bheidh ar an chéad straitéis dá leithéid i stair an stáit.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn;
“Bhí bliain thorthúil ag foireann Fhoras na Gaeilge thar na réimsí uilig a bhfuilimid freagrach astu le linn 2025. Caitheadh go leor ama le linn na bliana, ag iarraidh a chinntiú go mbeadh ardú déanta ar an mhaoiniú a bheadh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge in 2026, rud a chinnteodh nach mbeadh ciorruithe le cur i bhfeidhm againn ar ár ndeontaithe. Bhí toradh ar an obair sin nuair a d’fhógair an tAire Calleary TD go mbeadh os cionn €2m de mhéadú á chur ar fáil aige d’Fhoras na Gaeilge in 2026. Cinnteoidh sin go mbeimid ábalta tógáil ar an méid a baineadh amach in 2025.”
Críoch
*Cliceáil ar na híomhánna thíos le leagan PDF a íoslódáil.
Cóipeanna den Ráiteas Deireadh Bliana agus Buaicphointí 2025
Tá PDF iniata leis seo. Beidh líon an-teoranta de chóipeanna clóite ar fáil ar iarratas.
Íomhánna
Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar íomhánna ón nasc seo.
Cuirfear grianghraif bhreise ar fáil ar iarratas.
Tuilleadh eolais & Grianghraif bhreise
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 00 353 87 293 7686
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie
