Conall Ó Máirtín ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/ Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh Chonall Ó Máirtín atá ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge.

Ag labhairt dó inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá Conall Ó Máirtín ag teacht chuig Oifig Fhoras na Gaeilge ó thuaidh le linn claochlú ar chúrsaí Gaeilge ó thuaidh. Ó dheas, tá sruth leanúnach d’athruithe faoi lán seoil i réimse an oideachais thar gach cuid d’earnáil an oideachais. Tá raon leathan taithí ag Conall ar mhórán gnéithe den oideachas ar fud an oileáin óna ról mar mhúinteoir, agus óna chuid oibre le deireanas le TG4 Foghlaim. Tá lúcháir orm a bheith ag fáiltiú roimhe isteach sa phost ríthábhachtach seo mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais, agus thar ceann na heagraíochta tréaslaím a cheapachán leis agus guím gach dea-ghuí air agus é ag dul i mbun na gcúraimí ina phost úr. Mar Ghael a tógadh le Gaeilge ó thuaidh, agus a d’oibir in earnáil an Ghaeoloideachais, tá tuiscint ar leith aige ar na ceisteanna cigilteacha éagsúla a bhaineann le forbairt na Gaeilge ó thuaidh, agus beidh luach as cuimse lena léargais orthu sin sna blianta amach romhainn”

Chuaigh Conall i mbun a chuid cúraimí mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge in oifigí Bhéal Feirste ag tús mhí Bealtaine 2026.

Nóta Beathaisnéise:

Is as Tír Eoghain ó dhúchas do Chonall, agus tá cónaí air ansin lena chlann. Tá taithí aige ag obair mar mhúinteoir agus léachtóir in earnáil na Gaelscolaíochta le breis agus fiche bliain anuas. Thosaigh Conall amach ag teagasc i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha agus, ina dhiaidh sin, mar léachtóir i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

Bhain Conall céim (LLB) agus iarchéim (PG Dip) sa dlí amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus ina dhiaidh sin Teastas Iarchéime san Oideachas (T.I.C.O.) amach ó Choláiste Mhuire, Béal Feirste. Lena chois, tá MA sa Nua-Ghaeilge bainte amach aige ó Ollscoil Uladh i mBéal Feirste.

Le taithí mar láithreoir agus mar léiritheoir teilifíse agus raidió aige le BBC Gaeilge agus TG4, agus sa bhliain 2022 thosaigh sé sa ról mar Eagarthóir Oideachais le TG4, agus tá roinnt blianta caite aige ann ag forbairt acmhainní teagaisc, sráitheanna oideachais agus Fís Scoile TG4.

Tá suim ar leith aige sa spórt, agus bíonn Conall ag obair mar thráchtaire agus láithreoir ar chláir spóirt ar TG4, agus taithí aige mar imreoir agus mar bhainisteoir peile lena chlub agus lena chontae.