Seoladh Taighde – An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025
Ag ócáid in Óstán Buswell’s an 19 Bealtaine 2026 sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge, 2025: Cumas, Úsáid agus Dearcthaí ar Oileán na hÉireann.
Sa tuarascáil seo, déantar anailís ar dhearcthaí comhaimseartha i leith na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann bunaithe ar shonraí ó shuirbhé ionadaíoch ar an mórscála a rinneadh i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann i samhradh na bliana 2025. Tugadh faoin tuarascáil seo d’fhonn cur lenár dtuiscint ar dhinimic shochtheangeolaíoch na Gaeilge sa dá dhlínse tráth a bhfuil forbairtí suntasacha beartais ag teacht chun cinn agus plé ag leanúint ar aghaidh ar a bhfuil i ndán don teanga.
Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a stiúraigh An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025 d’Fhoras na Gaeilge le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i rith Shamhradh 2025. Tá an taighde seo bunaithe ar agallaimh aghaidh-ar-aghaidh le 1,498 duine fásta (1,000 i bPoblacht na hÉireann, 498 i dTuaisceart Éireann). Forbraíodh agus bunaíodh an ceistneoir ar cheistneoir a bhí ann cheana atá in úsáid ó na 1970í i leith, agus a oiriúnaíodh chun Tuaisceart Éireann a chur san áireamh agus chun comhthéacs beartais agus sochaí an lae inniu a léiriú.
Tá an foilseachán seo ar an tuarascáil is déanaí sa tsraith taighde is seanbhunaithe ar dhearcthaí an phobail ar oileán na hÉireann i leith na Gaeilge agus cuireann sé léargas uathúil agus mionsonraithe ar fáil ar dhearcthaí reatha an phobail agus ar chumas teanga ar oileán na hÉireann, rud a fhágann gur féidir staitisticí a bailíodh tuairim is gach deich mbliana le leathchéad bliain anuas maidir le dearchtaí agus cumas an phobail i leith na Gaeilge, chomh maith leis an úsáid a bhaineann siad aisti, a chur i gcomparáid le chéile.
Colin J. Flynn agus Noel Ó Murchadha ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a rinne an staidéar i gcomhar le Ipsos B&A. Ba é Colin J. Flynn chéad údar na tuarascála seo. Is Ollamh Cúnta sa Teangeolaíocht Fheidhmeach é i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ba é Noel Ó Murchadha an Príomhthaighdeoir sa tionscadal seo. Is Ollamh Comhlach é san Oideachas Teanga i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán ó Coinn:
Ar an iomlán léiríonn an taighde seo bonn láidir tacaíochta don Ghaeilge ar fud an oileáin, agus beidh Foras na Gaeilge ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe sa dá rialtas agus leis na Ceanneagraíochtaí Gaeilge leis an phróiseas seo a neartú, agus le leathnú a dhéanamh ar úsáid laethúil na teanga, agus ar dheiseanna le Gaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú.
Tugann an taighde léargas dearfach ar thuairimí an phobail i leith na Gaeilge ó dheas agus i measc freagróirí a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu sa Tuaisceart – grúpa go ginearálta a bhfuil féiniúlacht Phrotastúnach, Aontachtach agus Dhílseach acu. Toradh dearfach a bhfuil feabhas mór air ó shuirbhé 2013.
Mar sin féin tá dúshláin romhainn ó dheas: Thug 50% de fhreagróirí ó dheas agus iad ag meas a gcuid Gaeilge féin, le fios gur beag a gcumas nó go bhfuil siad gan chumas sa Ghaeilge, toradh atá ina ábhar imní agus atá 7% níos airde ná mar a tuairiscíodh in 2013. Léiríonn sé seo gá práinneach leis na torthaí foghlama don Ghaeilge inár scoileanna a fheabhsú.
Is féidir An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025 i íoslódáil ina iomláine mar PDF ANSEO.
Is féidir achoimre ar phríomhthorthaí an taighde a íoslódáil mar PDF ANSEO.




