Bonn Néill Uí Dhónaill 2026 buaite ag Lorna Johnson na Nua-Shéalainne
PREASRÁITEAS – 14 Iúil 2026
Bronnadh Bonn Néill Uí Dhónaill ar Lorna Johnson ag ócáid in Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, ag tús na míosa seo. Ba í Lorna a bhuaigh an chéad duais sa chomórtas aistí foclóireachta a reáchtálann Foras na Gaeilge gach bliain.
Is de bhunadh Éireannach í Lorna a rugadh agus a tógadh i Sasana. Tá sí ag cur fúithi sa Nua-Shéalainn agus ag obair mar chomhairleoir cathrach in Palmerston North. Thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge in 2021 agus bhain sí Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach amach in Ollscoil na Gaillimhe in 2025. Bronnadh Scoláireacht Mhic Dhonncha uirthi don bhliain acadúil 2025/26 agus tá sí ag tabhairt faoi MA sa Léann Teanga in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair. Agus í ar cuairt ar Éirinn an samhradh seo, tá sí ag caitheamh seachtaine ar chúrsa le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille.
San aiste a scríobh sí, rinne Lorna aighneacht ar son na sanasaíochta agus d'áitigh sí gur cheart nótaí sanasaíochta a áireamh i bhfoclóirí comhaimseartha na Gaeilge. Chuir sí staid na bhfoclóirí Gaeilge i gcomparáid le roinnt foclóirí i dteangacha eile, an Béarla agus an Ghearmáinis ina measc. Phléigh sí an stair shaibhir atá ag an taighde ar chúrsaí sanasaíochta sa Ghaeilge, agus rinne sí cás ar son na bhfoghlaimeoirí teanga a ndéanfaí a leas dá n-áireofaí nótaí sanasaíochta i bhfoclóirí na Gaeilge. I ndeireadh na haiste, rinne sí plé ar an mbaol a bhaineann le scaipeadh na bréagshanasaíochta d’uireasa eolas údarásach sanasaíochta.
Ba í Aisling Ní Churraighín, eagarthóir ar fhoireann foclóireachta Fhoras na Gaeilge, a rinne an bronnadh. Rugadh agus tógadh Aisling i dTeileann, cóngarach do Ghleann Cholm Cille, agus tá sí ag obair ar chúrsaí foclóireachta le Foras na Gaeilge le ceithre bliana anuas.
Chuaigh réimse an ábhair agus ardchaighdeán na n-aistí i gcoitinne go mór i bhfeidhm ar an bpainéal measúnaithe. Arsa Pádraig Ó Mianáin, Príomh-Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge:
“Tá an-spéis léirithe ag mic léinn as ollscoileanna ar fud na tíre agus thar lear i gcomórtas aistí Néill Uí Dhónaill ó cuireadh ar bun é. Is ábhar mór sásaimh agus dóchais é sin dúinn, mar tá sé tábhachtach go mbeadh an fhoclóireacht á saothrú mar réimse léinn ag an tríú leibhéal le bonn slán a chur faoin réimse don todhchaí. Tréaslaímid a n-iarracht leis na mic léinn uilig a chuir isteach ar an chomórtas i mbliana, agus gabhaimid ár mbuíochas leis na léachtóirí agus leis na teagascóirí a chabhraigh leo a gcuid aistí a ullmhú nó a spreag iad le cur isteach ar an chomórtas.”
Is comórtas bliantúil aistí foclóireachta é Comórtas Aistí Néill Uí Dhónaill a eagraíonn Rannóg na Foclóireachta i bhForas na Gaeilge. Tá d’aidhm ag an gcomórtas mic léinn tríú leibhéal a chur ag machnamh ar chúrsaí foclóireachta mar réimse taighde agus mar ghairm bheatha.
Bhuaigh na mic léinn seo a leanas duaiseanna i mbliana:
- Duais Idirnáisiúnta agus Bonn Néill Uí Dhónaill – Lorna Johnson (Ollscoil na Gaillimhe)
- Duais Chúige Chonnacht – Graham Moran (Ollscoil Mhá Nuad)
- Duais Chúige Laighean – Proinsias Mac Ruaidhrí (Coláiste na hOllscoile Corcaigh)
Cuireadh an comórtas ar bun in 2021 in ómós don fhoclóirí mór le rá, Niall Ó Dónaill, a bhí ina eagarthóir ar an bhfoclóir cáiliúil Foclóir Gaeilge-Béarla a foilsíodh in 1977. Tá bonn speisialta coimisiúnaithe ag Foras na Gaeilge mar dhuais don chéad áit agus tá i gceist an comórtas a reáchtáil arís an bhliain seo chugainn.


Teagmháil: chun agallaimh a eagrú, déan teagmháil le
Lorna Johnson (L.Johnson7 [ag] universityofgalway [ponc] ie)
Cormac Breathnach, Foras na Gaeilge (cbreathnach [ag] forasnagaeilge [ponc] ie)