Samhraidh lán Spraoi, Spórt agus Siamsaíocht le campaí samhraidh Gaeilge 2026
Tá imeachtaí an tsamhraidh faoi lán seoil agus páistí fud fad na tíre ag baint tairbhe as deiseanna a bheith taobh amuigh san aimsir ghlórmhor atá linn agus a bheith ag foghlaim na Gaeilge I gcampaí samhraidh lán spraoi, spórt agus siamsaíocht. In 2026 tá maoiniú suntasach curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do Scéim na gCampaí Samhraidh 2026, agus breis agus 90 campa Gaeilge ar siúl ar fud oileán na hÉireann i mbliana. I láthair na huaire tá deiseanna tumoideachais agus gníomhaíochtaí spraíúla Gaeilge ar fáil do dhaoine óga an samhradh seo, i gcomhar le heagraíochtaí pobail, coistí pleanála teanga, clubanna CLG, ionaid Ghaeilge agus grúpaí óige.
Tá buiséad os cionn €216,000 curtha ar fáil tríd an scéim, agus campaí ar siúl i ngach cúige, idir phobail uirbeacha, thuaithe agus líonraí Gaeilge. Léiríonn líon na gcomhpháirtíochtaí le clubanna CLG agus le grúpaí pobail eile an ceangal láidir atá idir an Ghaeilge agus saol an phobail. Tá campaí á reáchtáil ó thuaidh agus ó dheas, rud a léiríonn an cur chuige uile-oileáin atá ag Foras na Gaeilge maidir le húsáid na Gaeilge a chothú i measc daoine óga.
I measc na mbuaicphointí i mbliana tá campaí nua i bpobail nach raibh páirteach sa scéim roimhe seo, chomh maith le campaí a bhfuil traidisiún fada bunaithe acu cheana féin. Tá méadú freisin ar líon na gcomhpháirtíochtaí le clubanna CLG agus ar rannpháirtíocht coistí pleanála teanga agus líonraí Gaeilge.
Léiríonn sé seo an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le bonneagar Gaeilge a neartú ar fud na tíre, agus an tairbhe atá á baint as an infreastruchtúr pobail agus teanga atá á fhorbairt trí phróiseas na pleanála teanga. Trí na campaí seo, cuirtear deiseanna praiticiúla agus sóisialta ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga, rud a thacaíonn le hinbhuanaitheacht agus le fás na Gaeilge sna pobail áitiúla.
I measc na n-eagraíochtaí atá páirteach i mbliana tá Ógras, Pobal ar an Iúl, Líonra Leitir Ceanainn, Gaeilge Locha Riach, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Na Gaeil Óga CLG, Cill Dara le Gaeilge agus Togra Mhaigh Eo.
Ní amháin go bhfuil cúrsaí ar an talamh á reáchtáil i mbliana, ach tá campaí Gaeilge á reáchtáil ar uisce chomh maith agus Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe ag reáchtáil ceachtanna seoltóireachta agus imeachtaí san uisce, rud a thugann deiseanna do pháistí a bheith ag foghlaim frásaí a bhaineann le seoltoireacht agus báid.
Don chéad uair i mbliana, cuireadh campa ar bun ag Club Foraoise Cinn t-Sáile ina raibh imeachtaí spraíúla agus spreagúla agus páistí ag súgradh sna crainn agus ag foghlaim aidiachtaí agus briathra le imeachtaí ar nós tóraíocht taisce, lasadh tinte agus siúlóidí sa dúlra, chomh maith le ceachtana faoi chúram craiceann orgánach agus leigheasanna nádúrtha. Anuas air sin, beidh an campa sacar Klaas Kicks ag múineadh scileanna éagsúla sacar I nGaeilge don chéad uair freisin.
Dúirt Conall Ó Máirtín, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge:
“Tá muid fíorbhródúil as an líon campaí a bhfuil muid ag tacú leo i mbliana. Tugann siad deis iontach do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha trí spórt, chluichí, cheol, dhrámaíocht agus réimse leathan gníomhaíochtaí eile. Is ábhar misnigh é an comhoibriú atá á fhorbairt idir eagraíochtaí Gaeilge, clubanna CLG agus pobail áitiúla ar fud na tíre.”
Má tá tuilleadh eolais uait faoi scéimeanna an tsamhraidh i do cheantar féin, déan teagmháil le oideachas@forasnagaeilge.ie











