Ionad léirmhínithe do Bhéal Feirste agus síneadh ar dhá mhórscéim: Cinntí tábhachtacha glactha ag Bord Fhoras na Gaeilge

PREASEISIÚINT

15 Meán Fómhair 2026

Rinne Bord Fhoras na Gaeilge roinnt cinntí tábhachtacha ag a gcruinniú Boird ar an 11 Meán Fómhair 2026 i gCeannáras na heagraíochta i mBaile Átha Cliath maidir le forbairt na Gaeilge agus le tacaíocht d'eagraíochtaí pobail.

D’iarr an Bord ar an bhfoireann ardbhainistíochta pleananna cinnte a fhorbairt, agus plé a dhéanamh ar bhonn oifigiúil le páirtithe leasmhara le haghaidh ionad léirmhínithe don Ghaeilge i gCathair Bhéal Feirste. Beidh sé mar aidhm ag an obair sin féidearthachtaí a fhiosrú maidir le háis a chruthú a chuirfeadh stair, cultúr agus forbairt chomhaimseartha na Gaeilge i láthair an phobail i gcoitinne agus i láthair cuairteoirí.

Agus an Bord ag plé pleananna do 2027, chinn siad síneadh bliana a cheadú do dhá mhórscéim de phríomhscéimeanna pobail Fhoras na Gaeilge, mar atá:

  • An Scéim Ionaid Ghaeilge, a chuireann tacaíocht ar fáil do 16 ionaid Ghaeilge ar fud an oileáin; agus
  • Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, a chuireann maoiniú ar fáil do 36 grúpa pobail le 28 oifigeach Gaeilge a fhostú agus le gníomhaíochtaí forbartha teanga a chur chun cinn.

Cinnteoidh an síneadh seo go leanfaidh an tacaíocht riachtanach ar aghaidh do na heagraíochtaí agus do na pobail go dtí go mbeadh cinnteacht ann faoi mhaoiniú Fhoras na Gaeilge ó na meastacháin cháinaisnéise ó dheas níos déanaí san fhómhar. Tá Foras na Gaeilge ag súil le méadú suntasach ar a mbuiséad le tógáil ar an mhéadú a chuir an tAire Dara Calleary ar fáil in 2026 – an chéad mhéadú suntasach le 5 bliana roimhe sin.

Tugadh le fios don Bhord go mbeadh babhtaí úra de na scéimeanna pobail sin ag brath ar na meastacháin cháinaiséise ó dheas agus, dá réir sin, nach bhféadfaí cinntí a dhéanamh maidir le leathnú na scéimeanna, go dtí go mbeadh soiléireacht ann faoin méadú maoinithe a bheidh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge in 2027.

Ag labhairt di i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Cathaoirleach an Bhoird, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, "Léiríonn na cinntí seo tiomantas leanúnach Fhoras na Gaeilge d’fhorbairt na Gaeilge ar bhonn straitéiseach agus muid ag cinntiú go mbaintear an leas is fearr as na hacmhainní atá ar fáil le freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge ar fud an oileáin.”

Críoch

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 00 353 87 293 7686
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie