Folúntas Príomhfheidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge
Tá Foras na Gaeilge tar éis folúntas do Phríomhfheidhmeannach na heagraíochta a fhógairt ar Phoistphoiblí. Is féidir iarratas a dhéanamh ANSEO.
Ceapfaidh an Foras Teanga an Príomhfheidhmeannach d'Fhoras na Gaeilge faoi réir cheadú an CATT. Mar atá leagtha amach sa Mheamram Airgeadais don Fhoras Teanga, is é nó is í an Príomhfheidhmeannach an Duine Cuntasach a bheidh freagrach as riar éifeachtúil agus éifeachtach ar fheidhmeanna Fhoras na Gaeilge. Beidh an Príomhfheidhmeannach freagrach do Bhord Fhoras na Gaeilge maidir le húsáid acmhainní na Gníomhaireachta.