Ráiteas Fhoras na Gaeilge maidir le Cáinaisnéis 2027

08 Deireadh Fómhair 2026

Fógraíodh méadú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge sa Mheastachán Cáinaisnéise don eagraíocht ar an Máirt. Cé nach bhfuil sa mhéadú ach leath an mhéid a bhí iarrtha ag Foras an Gaeilge inár n-aighneacht, chun go mbeimis ábalta athnuachan a dhéanamh ar ár mórscéimeanna pobail, Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus an Scéim Ionad, tugann an méadú seo cinnteacht áirithe dúinn don bhliain atá romhainn.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach, Seán Ó Coinn, “de bharr an mhéadaithe de €1m, tá súil againn nach mbeidh orainn ár gcistí dár scéimeanna pobail a laghdú. Déanfaimid scrúdú cúramach anois ar na mionsonraí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh acu ar ár dtacaíocht don phobal agus ar na cuspóirí straitéiseacha atá leagtha amach againn”.

Agus í ag fáiltiú roimh thiomantas an Aire Calleary dá ról mar Aire don Ghaeltacht, agus roimh an méadú, dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin: “Fáiltím roimh an mhéadú, ach go bhfuil sé tábhachtach a aithint nach ar Aire na Gaeltachta a thiteann na dualgais uilig sa stát i leith na Gaeilge, agus go bhfuil dualgais ar an Roinn Leanaí, an Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go háirithe, a léiriú go bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoi fhorbairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa chuid eile den tír”.

Dúirt sí: “Cé go n-aithnímid na srianta atá ar airgeadas poiblí, beimid ag súil le fógraí tábhachtacha ón Roinn Leanaí, ón Roinn Oideachais agus Óige agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go luath do 2027 maidir le soláthar cúram leanaí trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, soláthar gaelcholáistí agus soláthar tithíochta sa Ghaeltacht”.

Críoch

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 00 353 87 293 7686
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie