Físeán: Focal ar Fhocal: tionscadail foclóireachta Fhoras na Gaeilge

Caith súil siar ar an imeacht 'Focal ar Fhocal: tionscadail foclóireachta Fhoras na Gaeilge' ag Oireachtas na Samhna 2026. 

Tugadh nuashonrú le linn an tseisiúin seo ar an obair atá ar bun le bliain anuas agus atá beartaithe sa bhliain romhainn ar na foclóirí éagsúla atá idir lámha ag Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge.

Tá i gceist suas le 20,000 brí eile a chur leis an bhFoclóir Nua Gaeilge an mhí seo. Déanfar plé ar chuid den ábhar sin agus ar leasuithe eile atá déanta ar na suíomhanna le bliain anuas.

CAINTEOIRÍ: Pádraig Ó Mianáin & Cormac Breathnach.