Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Rody Gorman roghnaithe acu le seal a chaitheamh sa tSlóivéin mar chuid den tionscadal Focail Eile.

lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Rody Gorman roghnaithe acu le seal a chaitheamh sa tSloivéin mar chuid den tionscadal Focail Eile i mbliana. Is i nGaeilge na hAlban a bheidh Rody ag scríobh don tionscadal Focal Eile. Díreoidh Rody ar a shaothar scríbhneoireachta, beidh ag coinneáil blag agus beidh páirteach in imeachtaí a bhaineann le mionteangacha, an tSloivéinis go háirithe, nuair a bheas ann.

Rugadh Rody Gorman i mBaile Átha Cliath in 1960. Is léachtóir le Scríbhneoireacht Chruthaitheach ag Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán é agus tréimhsí cónaitheachta tugtha aige ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil Manitoba, PROGR in Bern agus ag Sabhal Mór Ostaig ar an Oileán Sciathánach mar a bhfuil cónaí air. Feidhmíonn mar eagarthóir ar an iris bhliantúil An Guth agus ar an ábhar i nGaeilge na hAlban in New Writing Scotland agus Northwords Now. D’oibrigh mar eagarthóir agus mar mheantóir d’Iontaobhas Leabhar nah Alban agus mar aistritheoir ar shaothar le Cavafy, Yeats, Neruda, Milosz, Rósewicz, Popa, Holub, Aspenstrom, Snyder agus filí nach iad. filíocht foilsithe aige i mBéarla, i nGaeilge agus i nGaeilge na hAlban, an cnuasach is deireanaí Trìtheamhan (2017). ag obair faoi láthair ar shraitheanna a bhaineann le Suibhne Geilt, Baile Átha Cliath agus leis an Oileán Sciathánach.

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.focaileile.ie agus focaileile@forasnagaeilge.ie