Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

Is céim nua é an B. Oid. Trí Mheán na Gaeilge (Cód CAO: CM003/CM004). Beidh ag tosú in Institiúid Oideachais Marino i Meán Fómhair, 2019. Beidh an chéim seo oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta i scoileanna Lán-Ghaeilge.

  • Go hiomlán trí mheán na Gaeilge
  • Ag tosú Meán Fómhair 2019
  • Clár oideachais nua do mhúinteoirí bunscoile
  • Oiriúnach do scoláirí le spéis agus le hardchumas sa Ghaeilge
  • Oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh i scoil Lán-Ghaeilge i scoil Ghaeltachta
  • Árasáin ar an gCampas, Bloc Gaeilge, Sparánachtaí ar fáil
  • Socrúchán Scoile sa Ghaeltacht 
  • An Cultúr Gaelach (Cluichí, Ceol, Damhsa, Amhránaíocht, Litríocht)
  • Deiseanna Fostaíochta i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge
  • Gnáthriachtanais iontrála ach H3 sa Ghaeilge
  • Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) níos airde riachtanach. Scrúdú TEG ar an Satharn, 23 Feabhra, 2019. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino na táillí TEG do scoláirí a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mhéan na Gaeilge - www.teg.ie/oid

 

Céard é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)?

Is céim ar leith é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) a oireann go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta i scoileanna Lán-Ghaeilge. géarghá le múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna Lán-Ghaeilge agus cáilíocht mhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge ag teastáil ó mhic léinn atá ag iarraidh múineadh sna scoileanna sin. Sa chéim cheithre bliana seo gheobhaidh amach faoin tumoideachas, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn na páistí teanga, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn siad conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh. Foghlaimeoidh conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, faoin tábhacht a bhaineann leis an gcultúr Gaelach mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.

Céard air a ndéanfaidh staidéar?

Beidh dianchúrsa Gaeilge réamhchúrsa i Marino i Meán Fómhair 2019. Sa bhonnstaidéar beidh staidéar á dhéanamh agat ar an tumoideachas, ar an Oideachas Luath-Óige, ar an mbealach ina bhfoghlaimíonn páistí, ar an tSíceolaíocht agus ar an tSochtheangeolaíocht. Cuir le d’eolas ar an nGaeilge agus ar na hábhair churaclaim éagsúla, foghlaim faoi na modhanna chun na hábhair sin a mhúineadh agus faoi na buntáistí a bhaineann lena múineadh trí mheán na Gaeilge. Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint a amach le a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Ta deis ann chomh maith staidéar a dhéanamh chun teastas a fháil sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Socruchán Scoile

Is trí mheán na Gaeilge amháin a dhéanfaidh na Socrúcháin Scoile ar fad i rith na gceithre bliana den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht). Gheobhaidh deiseanna réimse leathan de thaithí a fháil san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge. D’fhéadfadh na Socrúcháin Scoile sin ar fad a bheith i scoileanna Gaeltachta agus d’fhéadfadh cuid acu a bheith i scoileanna Lán-Ghaeilge. Beidh deiseanna agat Socrúcháin a dhéanamh i scoileanna tuaithe agus i scoileanna uirbeacha, i scoileanna aon ghnéis agus i scoileanna comhoideachais, i scoileanna DEIS, i scoileanna ina bhfuil suíomhanna aon ghrád agus i scoileanna ina bhfuil suíomhanna ilghrád. Don Oideachas Speisialta déanfaidh Socrúchán Scoile i suíomh Lán-Ghaeilge sa Dara Bliain.

Gaeltacht

Mar chuid den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) beidh ar gach mac léinn Tréimhsí Foghlama coicíse a dhéanamh sa Ghaeltacht um Cháisc sa Chéad Bhliain agus sa Dara Bliain. Íocfaidh na mic léinn na táillí do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht díreach chuig an gColáiste Gaeltachta. Sa Tríú Bliain, caithfidh seachtain sa Ghaeltacht ag tógáil codanna de mhodúil a bhainfidh leis an gcéim. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas ar fad a bhaineann leis sin. Sa Cheathrú Bliain don Ardsocrúchán Scoile (deich seachtaine), beidh mic léinn ag cur fúthu sa Ghaeltacht agus ag obair i scoileanna Gaeltachta. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas taistil agus cothaithe a bhaineann leis sin

Céard iad na roghanna a bheidh agam mar mhúinteoir?

Oireann an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta i scoileanna Lán-Ghaeilge. Beidh céimithe leis an gcéim i dteideal freisin post a lorg i scoil ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga. D’fhéadfadh céimithe obair sna meáin chomh maith.

Bhí spéis agam i gcónaí sa Ghaeilge agus mar mhúinteoir ba mhaith liom múineadh trí mheán na Gaeilge. Is aoibhinn liom go bhfuil an cúrsa ar fad trí Ghaeilge. go hiontach go mbeidh Socrúchán Scoile deich seachtaine á dhéanamh agam sa Ghaeltacht sa Cheathrú Bliain agus go mbeidh an Institiúid ag íoc as.”

modules


Eolas Ginearálta

Cóid CAO: CM003/CM004

Fad an Chúrsa: 4 bliana lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas

Foras cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath 

Íosriachtanais Iontrála don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge 2019/2020:

Ardteistiméireacht

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 3 (H5 ar a laghad ach féach íosriachtanais ar leith thíos don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic)

Íosghráid ar Leith:  

Gaeilge: H3 (agus TEG*: B1)

Béarla: H7 / O4         

Matamaitic: H7 / O4

*TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) Leibhéal B1 (pas 50%) le bheith ag gach mac léinn. Beidh na scrúduithe TEG ar siúl ar an Satharn, 23 Feabhra, 2019. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino an táille TEG ar ais do scoláirí rathúla sna scrúduithe TEG a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Chun níos eolais a fháil faoi sin féach www.teg.ie/oid

Caithfidh mic léinn aibí a bheith 23 bliana os a chionn ar 1 Eanáir bhliain an chúrsa ina bhfuil / ag iarraidh áit a fháil. Caithfidh mic léinn aibí foirm iarratais chomhlánaithe i.e. “Foirm Iarratais do Mhic Léinn Aibí don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilgea chur chuig Oifig an Chláraitheora, Riarthóir na nIarratsóiri Aibí don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 faoi 31Eanáir, 2019.  Cuirfidh Oifig an Chláraitheora an Lár-Oifig Iontrála ar an eolas an bhfuil / nach bhfuil na híosriachtanais iontrála á gcomhlíonadh acu. , tabharfar cuireadh d’iarratasóirí aibí agallamh ginearálta agus agallamh Gaeilge a dhéanamh in Institiúid Oideachais Marino.