Gaelscoileanna á gceiliúradh ar Raidió na Life!

 
Gaelscoileanna á gceiliúradh ar Raidió na Life!
 

Craolfar sraith nua darbh ainmMo Ghaelscoil’ ar Raidió na Life idir an 21ú Samhain agus 7ú Nollaig. Craolfar dhá eagrán den chlár gleoite seo gach seachtain, Céadaoin agus hAoine ag a 11:00 r.n.

Thar tréimhse dhá bhliain, chuaigh foireann léiriúcháin ó Raidió na Life ar camchuairt go gaelscoileanna fud fad Bhaile Átha Cliath, ag reáchtáil ceardlanna raidió agus ag taifeadadh na gclár spraíúil seo. Bhí deis ag na páistí scileanna nua a fhoghlaim agus tugann an tsraith raidió seo ardán dóibh scéal a nGaelscoil féin a insint ina nguthanna féin.

Na gaelscoileanna a ghlac páirt sa sraith Gaelscoil Bhaile Munna, Gaelscoil an Chuilinn, Gaelscoil Chluain Dolcáin, Gaelscoil Thaobh na Coille, Lios na nÓg agus Scoil Chaitlín Maude. Chuir gach gaelscoil a stampa féin ar a n-eagrán féin sa sraith seo, ag tabhairt blaiseadh den atmaisféar ina scoil don lucht éisteachta.

Leis na páistí ag cur agallaimh ar na múinteoirí agus scoth an cheoil agus na drámaíochta le cloisteáil, léiríonn na cláir seo an borradh atá tagtha ar an nGaelscolaíocht san ardchathair agus talann agus samhlaíocht an ghlúin óig!

Craolfar na cláir ar Raidió na Life ar na dátaí seo a leanas, ag a 11:00 ar maidin:

  • Céadaoin 21 Samhain: Lios na nÓg
  • hAoine 23 Samhain: Gaelscoil Chluain Dolcáin
  • Céadaoin 28 Samhain: Gaelscoil Bhaile Munna
  • hAoine 30 Samhain: Gaelscoil an Chuilinn
  • Céadaoin 5 Nollaig: Scoil Chaitlín Maude
  • hAoine 7 Nollaig: Gaelscoil Thaobh na Coille

Judy-Meg Chinnéide a léirigh an tsraith agus a bhí i mbun na gceardlanna a reáchtáil sna scoileanna, in éindí le hAonghus Ó Lochlainn agus Pádraig Ó Conghaile. Judy-Meg Chinnéide agus Fearghal Saxe a bhí i mbun eagarthóireachta. an tsraith maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse. Is é Foras na Gaeilge a mhaoiníonn formhór ghníomhaíochtaí Raidió na Life

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Judy-Meg Chinnéide, 01 6616 333.

 

Faoi Raidió na Life:

Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail le 25 bliain anuas mar stáisiún pobail sainspéiseFaigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann ar a chumas triúr foirne lánaimseartha a fhostú mar aon le beirt fhostaí eile páirtaimsearthaIs ar bhonn deonach a oibríonn láithreoirí uile an stáisiúin agus bíonn idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte sa stáisiún ar bhonn deonach chuile sheachtainFeidhmíonn faoi stiúir Bhord Stiúrtha deonach freisin. Is é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, comharchumann pobail neamhbhrabúis a bunaíodh i 1989 le seirbhís raidió Gaeilge a bhunú is a fhorbairt do Bhaile Átha Cliath, a reachtálann Raidió na Life. Is féidir le baill den phobal ballraíocht a ghlacadh sa chomharchumann trí scaireanna a cheannach (eolas ar www.raidionalife.ie)

na mílte craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Bheoláin, Sinéad Crowley, Cormac Ó hEadhra, Dr. Aoibhinn Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin (RTÉ Raidió 1), Clíona Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin, Rónán Ó Muirthile (Iar-láithreoirSplanc ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104) agus neart eile nach iad

Craolann RnaL 7 sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie freisin

cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d’éisteoiríAithnítear an stáisiún freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonach/damhsa, dord & droma, hip hop, r’n’b srl.  – agus na cláir go léir curtha i láthair trí GhaeilgeDéanann an stáisiún obair luachmhar le pobail mhionteangacha eile sa phríomhchathair freisin, le cláracha á gcur i láthair ar an stáisiún i dteangacha phobail inimirceacha ar nós an Pholainnis is an Spáinnis leis.

- CRÍOCH -