Bás tobann is ábhar do dhráma nua atá le craoladh ar Raidió na Life

Nuair a thagann iascairí i mBinn Éadair ar chorpán fir san fharraige, cuirtear fios ar na Gardaí mar is gnách, ach haon ghnáth-chorpán atá ann. Sa dráma comhaimsearthaTeachtaireachtaí Iar-Bháis, tugtar an éisteoir ar thuras mistéireach le bleachtaire stuama agus é ag iarraidh an fhírinne a aimsiú faoi bhás craoltóir clúiteach. Craolfar an dráma Céadaoin 20ú Feabhra ag 20:00 agus athchraolfar é ag 10:00 Satharn 23ú Feabhra.

Ó pheann Chathal Póirtéir, is dráma lán le rúin agus tragóid éTeachtaireachtaí Iar-Bháis’ agus é ag leanúint traidisiúin an seánra bleachtaireachta

Ag glacadh páirte sa dráma, na haisteoirí Sinéad Ni Uallacháin (atá le feiceáil sa ghrianghraf faoi iamh), Carrie Crowley, Áine Ghlinn agus Con Ó Tuama. Ba é an craoltóir Cathal Póirtéir a scríobh agus a léirigh é. Judy-Meg Chinnéide a bhí mar léiritheoir feidhmiúcháin ar son Raidió na LifeFuair an tsraith maoiniú ó scéim Fuaim & Fís Údarás Craolacháin na hÉireann.

Nótaí don Eagarthóir:

Le tuilleadh eolais a fháil faoin dráma le hagallamh a shocrú déan teagmháil le Cathal Póirtéir ag 086 337 5927 cathalpoirteir@gmail.com