Tuairimí an phobail faoi Phlean Gaeilge Chathair na Gaillimhe á lorg ag OÉ Gaillimh

Tá suirbhé seolta ag OÉ Gaillimh chun tuairimí an phobail a bhailiú faoin bPlean Gaeilge atá beartaithe don chathair. Beidh an suirbhé ar líne ar oscailt ó inniu 13ú Márta go dtí 12ú Aibreán 2019 agus tá sé d’aidhm aige measúnú a dhéanamh ar mhianta agus ar riachtanais an phobail maidir le forbairt na Gaeilge i nGaillimh. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, ainmníodh Gaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus mar thoradh air sin is gá plean a chur le chéile chun cur le húsáid na Gaeilge sa chathair. Anuraidh cheap Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge an Dr John Walsh ó Roinn na Gaeilge agus an Dr Dorothy Ní Uigín ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun an plean a fhorbairt. Is féidir an suirbhé a fháil anseo: http://www.surveymonkey.com/r/ptGaillimh2019 

Tá an tionscadal Gaeilge seo á chómhaoiniú ag Foras na Gaeilge tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.