Scéim na Litríochta 2026

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge d’eagraíochtaí in Éirinn chun deis a thabhairt dóibh litríocht na Gaeilge a chur chun cinn.

Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
12 Eanáir 2026

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge d’eagraíochtaí in Éirinn chun deis a thabhairt dóibh litríocht na Gaeilge a chur chun cinn.  Tá deontais idir €1,000 agus €8,000 ar fáil. Is féidir le heagraíochtaí deonacha agus pobail in Éirinn cur isteach ar an scéim, fad is nach bhfaigheann siad níos mó ná €50,000 de mhaoiniú bliantúil ó Chlár na Leabhar Gaeilge faoi láthair. Moltar iarratas a dhéanamh do thionscadail a threisíonn léitheoireacht na Gaeilge, a chuireann le cruthaitheacht phobail, nó a chothaíonn spéis san fhoilsitheoireacht agus in imeachtaí litríochta.

Is é 12 meán lae, 12 Eanáir 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Is féidir an fhoirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil thíos: