Scéim na gCoimisiún 2026-2028
Faoi Scéim na gCoimisiún 2026-2028, cuirfear ciste coimisiúnaithe ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge a thacódh leo scríbhneoir(í) a choimisiúnú le díriú ar shaothar nua ar ardchaighdeán a scríobh i nGaeilge thar thréimhse dhá bhliain.
Le bheith incháilithe le cur isteach ar an scéim seo caithfidh d’eagraíocht a bheith ina dheontaí reatha faoi Scéim na Foilsitheoireachta.
Beidh €8,500 ar a mhéad ar fáil mar dheontas do gach aon choimisiún thar thréimhse dhá bhliain.
Beidh €8,000 ar a mhéad ar fáil don scríbhneoir agus uasmhéid de €500 ar fáil don fhoilsitheoir do gach aon choimisiún mar tháille riaracháin.
Is é 12 meán lae, Dé Luain an 27 Aibreán 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Is féidir an fhoirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil thíos: