An Fóram Comhpháirtíochta

Bunaíodh an Fóram Comhpháirtíochta Uile-Oileáin de thoradh ar chinneadh den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 10 Iúil 2013 na 6 Cheanneagraíocht a ainmniú le freagracht a ghlacadh as forbairt agus as dul chun cinn i mhór-réimse.

Is é cuspóir an Fhóraim Comhpháirtíochta a chinntiú go mbeidh na Cheanneagraíocht ag pleanáil a gcuid oibre i gcomhar le chéile agus go mbeidh siad ag obair i gcomhar le chéile agus i gcomhar le Foras na Gaeilge sna réimsí seo.

Bíonn cruinnithe ag an bhFóram Comhpháirtíochta ceithre huaire sa bhliain ar a laghad, agus níos minice sin de réir mar a mheastar a bheith leis.

Bíonn ceannasaithe na gCeanneagraíochtaí ar an bhFóram Comhpháirtíochta mar aon le Cathaoirleach an Fhóraim Forbartha Teanga agus dhá ionadaí ó Fhoras na Gaeilge, a bhfuil duine amháin acu mar Chathaoirleach air. Cuireann Foras na Gaeilge seirbhísí rúnaíochta ar fáil don Fhóram Comhpháirtíochta chomh maith.

 

Baill an Fhóraim Comhpháirtíochta

  • Edel Chorráin (Cathaoirleach) – Foras na Gaeilge
  • Éamonn Ó hArgáinForas na Gaeilge
  • Caitríona CheallaighCumann na bhFiann
  • Bláthnaid GhréacháinGaeloideachas
  • Antoine Ó CoileáinGael Linn
  • Lorcán Mac GabhannGlór na nGael
  • Liam Ó MaolaodhaOireachtas na Gaeilge
  • Julian de SpáinnConradh na Gaeilge
  • Siuán MhaonaighCathaoirleach an Fhóraim Forbartha Teanga