An Cur i Láthair – Comórtas Fógraíochta Publicjobs.ie Do Scoileanna

Is comórtas iontach é seo trínar féidir le daltaí iarbhunscoile a gcuid scileanna cruthaitheacha, digiteacha agus cumarsáide a léiriú agus iad ag foghlaim faoi dheiseanna gairme a bheidh acu san earnáil phoiblí amach anseo. 

Chun cur isteach ar an gcomórtas, iarrtar ar dhaltaí físeán (30 soicind) a chruthú ina ndéanann siad an earnáil phoiblí a chur chun cinn mar chonair ghairme mhealltach dá bpiarghrúpa. 

Rachaidh daltaí a chuireann isteach ar An gCur i Láthair san iomaíocht chun roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan, a léiríonn an éagsúlacht atá le brath i ndeiseanna gairme san earnáil phoiblí.   

 

Duaiseanna do Dhaltaí:   

  • Deis na scileanna meán nua atá foghlamtha acu a úsáid chun an Taoiseach, Micheál Martin, a chur faoi agallamh faoina ghairm go dtí seo!  
  • Deis scileanna gníomhacha tarrthála a fhoghlaim ar thuras go hIonad Comhordaithe Tarrthála nó go Bunáit Héileacaptair de chuid Gharda Cósta na hÉireann!  
  • Deis taithí a fháil ar ghníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sa chúlra agus páirt a ghlacadh in ionsamhlú póilíneachta leis an nGarda Síochána!

Cuirfear deireadh leis an gCur i Láthair le searmannas bronnta go déanach san Earrach, ag a léireofar iontrálacha a cuireadh ar an ngearrliosta agus ag a bhfógrófar buaiteoirí na nduaiseanna iontacha seo.  

Déanfaidh painéal moltóirí, ar a mbeidh saineolaithe atá ina n-ionadaithe do hearnáil phoiblí, mar aon le saineolaithe ó thionscal na fógraíochta, measúnú a dhéanamh ar na hiontrálacha.   

Is cuid de Phaca Acmhainní Public Jobs do Scoileanna, tionscnamh foghlama níos doimhne, é An Cur a Láthair.  

Tá an tionscnamh seo páirtmhaoinithe ag Ciste Nuálaíochta na hEarnála Poiblí de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus sheolamar é i mí Mheán Fómhair 2021, i gcomhar leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Dála, Michael McGrath.  

Tá an dá ghné mar chuid de chlár úrnua do dhaltaí iarbhunscoile a bhfuil sé mar aidhm aige suim a mhúscailt iontu sna deiseanna gairme éagsula atá ar fáil.   

Tugann an Cur i Láthair deis dúinn an státseirbhís agus an tseirbhís phoiblí a shoiléiriú do mhúinteoirí, do dhaltaí agus dá dtuismitheoirí.  Is féidir le níos mó ná 720 iarbhunscoil ar fud na hÉireann teacht ar an bPaca Acmhainní, atá ar fáil saor in aisce ar www.publicjobs.ie/ga/scoileanna 

Tá súil againn go nglacfaidh a lán scoileanna páirt sa Chur i Láthair agus go mbainfidh siad úsáid as na hachmainní foghlama atá ar fáil, rud a leagfaidh béim ar an éagsúlacht atá le brath i ngairmeacha san earnáil phoiblí agus a mhúsclóidh suim i ndaltaí cur isteach orthu.  

Is tionscnamh tábhachtach é an tionscadal seo maidir leis an bhfís i dtaca le hearnáil phoiblí a fhorbairt ina bhfuil an tallann, na tréithe agus an tiomantas a léiríonn an éagsúlacht atá le brath i sochaí na hÉireann, agus an aidhm soláthar ar son na hÉireann, a bhaint amach.